skip to main content

Suaimhneas anama Iarthar Chiarraí

Inis Tuaisceart, An Fear Marbh, west of Baile an Fheirtéirígh, an Bhuailtín.
Inis Tuaisceart, An Fear Marbh, west of Baile an Fheirtéirígh, an Bhuailtín.

Ag scríobh maidin fhuar i ndiaidh fíochmhaireacht stoirme tá an dúthaigh dúisithe ina aoibhneas.

Cnoc Bréanainn fé scamall, an fharraige ag béiceach ar nós cuirtín bán ar an gCarraigh Dhubh i gCuan Smerbhic.

An Triúr Deirféir go suaithinseach ag cosaint na dúíchí is fé bhun Bhinn Diarmada tá eochair amach chun farraige. Téann an mianach agus cruth fisiciúil ar thírdhreach Chorca Dhuibhne i bhfeidhm go mór ar dhaoine.

Cnoc Bréanainn os cionn na farraige.

Is deacair gan smaoineamh a bheith amuigh san fhásach mór gan corr le feiscint ach síor mhótarbhealaí gainnimhí, do shúil a oscailt agus ag féachaint ó Pharóiste Múrach agus Paróiste na Cille siar tá cruth baininn Chruach Mhárthain is Sliamh an Iolair, Inis Tuaisceart is an Tiaracht.

Sin in aon anáil amháin.

Táid ann a mhaíonn go bhfuil línte fuinnimhe ina eangach ó láthaireacha seandálaíochta ársa breac timpeall na leithinise a thugann braistint áirithe do eispéaras an duine.

Dairena Ni Chinnéide, préamhaithe sa cheantair.

Go gcruinníonn na línte fuinnimhe sa láthair ina seasann an sáipéal ar an mBuailtín. Mar bhundúchasach Duibhneach, bhíos fáiscithe isteach in san meas doimhin atá ag muintir na háite dá ndúthaigh, dá mbailte fearainn, dá gcomharsain, dá dteanga, dá gceol is a ndúchas is a n-oidhreacht shaibhir.

Tá ceol na háite imithe mín ag turasóírí agus tithe saoire go pointe áirithe agus is deacair a thuiscint conas atá bac ar mhuintir na háite cur futhu ina mbailte fearainn fhéin. An snáth a théann siar i bhfad, gearrtha ag cúng aigeantacht pleanála.

Síor-chreimeadh na mara.

I mbroin na leithinise tá mórán scríbhneoirí agus ealaíontóirí, ceoltóirí agus cumadóirí agus is deacair méir a leagan ar cad é go pointeálta a mheallann chun na dúichí iad ach idir an tírdhreach agus na daoine braitheann an té go bhfuil féith ealaíona iontu go bhfuil tarrac speisialta sa timpeallacht agus an cultúr.

Téann an solas i bhfeidhm ar dhaoine chomh maith: an slí ina n-athraíonn cruth na scamall agus scáil na talún idir scrabhanna báistí. Neart na gaoithe ar an bhfarraige ag déanamh cúrán bán don uisce cois cósta. Rian na taoide ar ghainnimh na trá agus na pátrúin éagsúla a chruthaíonn sé.

Cormac, duine de mhuintir cheolmhar na mBeaglaíoch, a fáisceadh as Corca Dhuibhne.

Fiú an bealach isteach sa leithinis, tá rud éigin spioradálta faoi. Ó scéirdiúlacht Ghleann na nGealt nó gabháil thar Bóthar na Conrach agus an diamhaireacht atá le feiscint is le brath san áit sin agus níl áit ar domhan cosúil leis.

Is maith le daoine an suaimhneas. Tagann daoine chun pléisiúir a bhaint as a dtithe saoire agus cuireann seo le heacnamaíocht na dúichí atá ag brath a bheag nó a mhór ar thurasóireacht agus níos mó agus níos mó ar thurasóireacht chultúrtha.

Sruthán go cuan.

D'fhágas Baile Átha Cliath áit a chaitheas blianta fada pléisiúrtha ag staidéar agus ag obair mar bhí an tarrac chomh láidir sin. Ach nuair a thainig sé go dtí cén áit a theastaigh mé mo chlann a thógaint ní raibh aon amhras orm gurb í Corca Dhuibhne an áit a theastaigh uaim sin a dhéanamh.

Dheineas agus táim anso ó shoin ag scríobh filíochta agus ag obair ó am go ham mar ateangaire. Tá an dúthaigh greannta ar mo chuid smaointe agus an smior atá ionam. Tá aithne agus mórtas áite chomh tábhachtach don bhféiniúltacht na laethanta deacra domhanda seo agus go pearsanta tugann sé ionspráid dom leanúint orm ag scríobh.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

An tEalaíontóir, Róisín Ní Chionnfhaola, ina healaíontóir cónaithe i nDíseart an Daingean.


Ní ar na focail a mhairim is ní hí an taobh tíre a bheathaíonn mé ar bhonn na heacnamaíochta de ach an suaimhneas aigne a thugann sé dom is fiú ór é. Draíocht agus dúchas le brath mórthimpeall orm a thugann dóchas dom leanúínt ar aghaidh ag lonnú san áit bhreá iargúlta seo. Ní bhuathfadh faic ar shuaimhneas.