Ábhar mór imní do go leor daoine is ea an Ard-Intleachta agus a úsáid i láthair na huaire agus sna laethanta romhainn. D'eagraigh Údarás na Gaeltachta Comhdháil faoin ábhar agus na buntáistí a bhaineann leis, chomh maith leis na dúshláin.
D'oscail Jack Chambers, an tAire Airgeadais, an ócáid go hoifigiúil an ócáid dar teideal "Ár dTeanga, Ár dTodhchaí: Ard-Intleacht mar Uirlis don Ghaeilge".
"Tá áthas orm go bhfuil sibh ag teacht le chéile chun féachaint ar na deiseanna agus na dúshláin atá ann do AI na Gaeilge."
Tar éis oscailt oifigiúil an Aire Chambers, labhair Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus chuir sé fáilte roimh na saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta a bhí i láthair. Ghlac Ó Síocháin buíochas speisialta leis na heagraíochtaí Gaeilge éagsúla a d'fhreastail ar an gcomhdháil, ag rá go raibh a rannpháirtíocht ríthábhachtach chun todhchaí na Gaeilge sa ré dhigiteach a mhúnlú.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
I measc na gcainteoirí idirnáisiúnta bhí an Dr. Itziar Aldabe ón HiTZ Basque Centre for Language Technology, a labhair faoi theicneolaíochtaí teanga don Bhascais in aois na LLManna, agus an Dr. Will Lamb ó Ollscoil Dhún Éideann, a phléigh conas is féidir AI a úsáid do Ghàidhlig na hAlban, ag díriú ar uasmhéadú na mbuntáistí, maolú na rioscaí agus sárú ganntanas sonraí.
Le linn an dara leath den chomhdháil, bhí sraith cur i láthair gairid ó shaineolaithe éagsúla lena n-áirítear an Dr. Brian Davis ó Ionad Taighde ADAPT, Jerry Sweeney ó CLOUD CIX, Liam Lonergan ó ABAIR, agus Thomas Goulding ó EY.
Ag labhairt tar éis na comhdhála, dúirt Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Sheirbhísí Corparáideacha Údarás na Gaeltachta., "Léirigh an t-imeacht seo an tábhacht a bhaineann le hArd-Intleacht mar uirlis chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa ré dhigiteach. Is léir go bhfuil féidearthachtaí iontacha ann chun tacú le caomhnú agus forbairt na teanga."