Labhair muid le Sinéad Ní Uallacháin maidir lena rogha féin ceoil agus amhrán agus í ag ullmhú dá clár ceoil, Tobar an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh aithne ag éisteoirí ar Shinéad mar chraoltóir i mBéarla agus i nGaeilge. Tá sí le cloisteáil go minic ar mhíreanna tráchta ar RTÉ Radio One, Lyric agus 2FM agus le feiceáil ar an scáileán i gcláracha ar TG4 ar nós Réalta agus Gaolta agus Síor Stíl.
Tá aithne ag an bpobal ort mar bhean na tráchta ach dár ndóigh, is duine mór cultúir agus ceoil thú freisin. Cad iad amhráin an tsamhraidh duitse?
Cuireann 'Bealtaine na Maighdine' le Béal Tuinne tús an tsamhraidh i gcuimhne dhom, ‘Samhradh Samhradh’, leagan The Gloaming, agus Summertime Sadness le Lana del Rey. Táim ag súil go mór lena coirm i mBÁC i mí an Mheithimh.
Bíonn éagsúlacht leathan agat ar Thobar an Cheoil, conas a roghnaíonn tú na traiceanna don chlár?
Moltaí ó chairde, ag éisteacht le cláracha eile ceoil, agus Spotify! Nuair a thosnaíonn tú ag éisteacht le seánrá faoi leith, molann an aip ceol atá cosúil leis. Diail an rud é an teicneolaíocht! Anuas ar sin, is breá liom 'bheith ag póirseáil i gcartlann digiteach an raidió, is minic go dtagaim ar sheoda nár thuigeas gurb ann dóibh.
Is ag craoladh i Béarla a bhíonn tú anois, an dtógann sé am filleadh ar an gcraoltóireacht i nGaeilge?
Ní thógann, mar go mbím á labhairt go laethúil le mo chairde is mo mhuintir, ach bím meirgeach ar uairibh nuair a bhíonn tuirse orm (in aon teanga)!
Cé hiad na bannaí ceoil nó amhránaithe atá ag teacht in inmhe a thaitníonn leatsa faoi láthair?
Is breá liom Sexy Tadhg, cé go bhfuil siad ar an bhfód le fada, (is cuimhin liom agallamh a chur orthu ag Gradaim Nós 2019) agus Piaras Ó Lorcáin. Beidh siad beirt ag Féile na Gealaí i mbliana!

Cad leis ar cheart don lucht éisteachta bheith ag súil leis ar Thobar an Cheoil?
Ceol úr ó leithéidí Saltaire, Dysania agus Inni-K; míreanna ón gcartlann ó Róise Rua, Páidí Mharthainn Mac Gearailt agus Nioclás Tóibín; cúpla dán ar mhaithe na héagsúlachta; agus taifeadtaí ó chláracha de chuid Raidió na Gaeltachta agus Radio 1.
Éist le Tobar an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Luan go hAoine óna 10.15 ag tosú ar an Mháirt, 3 Meitheamh.