skip to main content

Cuimhní cinn agus claochlú cultúir: Scéal Bhreanndáin

Labhair an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich le Sláine Ní Chathalláin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dhírbheathaisnéis, 'Clann na Seanamhuintire, atá scríofa aige le déanaí.

Tá aithne ag an saol mór ar Bhreanndán as a chuid ceoil ach is mó rud eile atá déanta aige ina shaol, láithreoireacht teilifíse, múinteoireacht agus níos déanaí ina shaol, gníomhaí teanga agus pobail.

Cuimhní cinn chomh maith le scéalta a óige atá sa leabhar seo chomh maith le cur síos ar an nGaeltacht agus ar an teanga atá ag síorathrú a deir Breanndán. Luaigh Ó Beaglaoich go bhfuil 'dualgas' ar a ghlúin siúd a bheith ag scríobh mar go bhfuil an saol athraithe ó bhonn ó bhí sé ina pháiste agus gur gá na cuimhní a chaomhnú.

In san leabhar, roinn Breanndán a chuid scéalta mar gheall ar an tslí a bhíodh an saol i nGaeltacht Chiarraí agus deir Sláine nach gcuireann sé fiacail a chur ann agus go bhfuil sé an-ionraic ina thuairimí sa leabhar.

Scéal grá is ea an leabhar seo don Ríocht freisin agus Breanndán ag caint faoin gceangail láidir atá aige le Ciarraí. 'D'oscail mo chroí nuair a tháinig mé abhaile' a deir sé ag caint faoin uair gur fhill sé ar Chorca Dhuibhne i ndiaidh seal a chaitheamh i mBaile Átha Cliath.

Leabhar i nGaeilge atá sa leabhar seo ach tiocfaidh aistriúchán Béarla amach go luath.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00