Bean eisceachtúil ab ea Peig Sayers. Cé gur chaith sí saol crua ar oileán an Bhlaoscaoid, roinn sí a cuid scileanna scéalaíochta go fial leo siúd a tháinig le labhairt léi. Tháinig bailitheoirí béaloidis a fhad leis an oileán le scéalaíocht Pheig agus daoine eile ar an mBlascaod mar go raibh an cultúr caomhnaithe acu ann a bhí imithe i léig i gcuid mhaith áiteanna eile.
Tá an t-ádh orainn go bhfuil glór Pheig agus a híomhá le fáil i gcartlann RTÉ. Seo a leanas cuid de na píosaí atá againn don bhean speisialta seo.
Seo Peig ag caint faoin athrú aimsire a tháinig chucu ar an oileán agus an geimhreadh ag teacht chucu.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage PreferencesN
Éist anseo le Peig ag casadh an amhráin Coinleach Glas an Fhómhair
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Seo Peig ag rá dhá phaidir traidisiúnta; ceann amháin a deirtí nuair a bhíodh sí ag dul a chodladh agus an dara ceann agus an tine a glanadh amach.