Ar Mír na Leabhar ar an gclár Tús Áite, bhí Áine Ní Ghlinn ag plé an mór eagrán speisialta don iris Comhair agus Mí an Bhród á céiliúradh acu.
Foilsíodh eagrán speisialta den iris Comhar ag comóradh 30 bliain ó rinneadh díchoiriú ar homógnéasacha in Éirinn sa bhliain 1993. Labhair Ní Ghlinn faoin mborradh atá tagtha ar an spás cruthaitheach dóibh siúd atá sa phobal LADTA le tamall de bhlianta anuas.
Luaigh Ní Ghlinn freisin go bhfuil ganntanas mór i litríocht na Gaeilge nuair a thagann sé chuig carachtair homógnéasacha ach go háirithe do dhaoine óga. Eisceacht is ea an scríbhneoir Mícheál Ó Conghaile ach tá obair mhór le déanamh sa ghort go fóill, a deir Ní Ghlinn.
Tá Bród na Gaeltachta ag tosú an tseachtain seo:
Féile le cur chuige ionchuimsitheach is ea é Bród na Gaeltachta, ach le béim láidir ar an phobal LADTA+ anseo sa Ghaeltacht. Beidh an fhéile dhátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge.
Beidh go leor éagsúlachta ar fáil don phobal ar fad ionas go mbeidh gach aois agus inscne ábalta spraoi agus sult a bhaint as. Beidh drámaí, ceol, spórt, filíocht, léachtaí, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúl, mar aon le mórshiúl carnabhail ar an 23 Iúil le Bród a cheiliúradh. Beidh muid ag súil go dtiocfaidh go leor grúpaí eile ó lasmuigh den cheantar isteach go Cloich Cheann Fhaola le ceiliúradh leis an phobal anseo.
Tá Coiste Eagraíochta Bhród na Gaeltachta ag obair i gcomhpháirtíocht le Pobail le Chéile agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola le go mbeidh béim láidir agus tús áite ag an teanga.
Deir Pól Penrose, Cathaoirleach Choiste Eagraíochta Bhród na Gaeltachta:
"Bhí Bród na Gaeltachta iontach pearsanta do gach duine a bhí páirteach ann anuraidh, agus a bheidh páirteach ann i mbliana, ach dom féin, an tionchar is mó a chonaic mé ná gur thug sé feiceálacht dúinn anseo sa Ghaeltacht agus gur léirigh sé go bhfuil áit agus fáilte ann do dhaoine aeracha nó aiteacha ón pharóiste, nó do dhaoine as áiteanna eile thart fán tír theacht agus bheith páirteach i mBród. Thug sé spás do dhaoine óga sa cheantar seo, agus feicimid an tionchar sin i mbliana agus go leor daoine óga páirteach san fhéile. Is pobal beag muid agus thug muintir na háite tacaíocht ar dóigh dúinn, agus bhí sé iontach feiceáil go raibh muid ar fad ag teacht le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhród."
Ar an Satharn, an 23 Iúil, a bheidh an mórshiúl ag tarlú ar an bhFál Carrach, ach beidh seachtain iomlán d'imeachtaí speisialta de gach cineál ann, a thosóidh ar an Domhnach 16 Iúil agus a chríochnóidh seachtain ina dhiaidh sin.
I measc na himeachtaí a bheidh a reáchtáil mar chuid de Bhród na Gaeltachta, beidh siúlóid staire dátheangach LADTA+ le Brian Lacey, léiriú den seó amharclannaíochta agus rince 'Freshers’ le Caoimhe McGee agus Rosie Mullin, an taispeántas ealaíne ‘Witness for Change’ agus ‘An Focal Aiteach’, oíche fhilíochta in Eaglais Naomh Áine. Tá an seó stáitse aitheanta Grindr, Saghdar agus Cher le Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh ag teacht go dtí An Fál Carrach, agus cuirfidh Caoimhe McGee a dráma ‘Sapphic’ ar an ardán.
Beidh sraith ceardlanna ar théamaí tábhachtacha LADTA+: téarmaíocht agus an Foclóir Aiteach; filíocht le hAnnemarie Ní Churreáin; ceardlann amharclannaíochta ‘Theatre Lab’ le Mel Bradley; agus sraith ceardlanna dar teideal ‘Wild Queer’ ar aiteachas sa timpeallacht agus an dúlra le Lucy O’Hagan. Cuirfear cainteanna ar siúl chomh maith, le leithéidí Neuro Pride Ireland agus TENI (Transgender Equality Network Ireland), sula mbeidh eochairchaint le Tonie Walsh, Brian Lacey agus Mary Kay Mullan, triúr a bhí an-ghníomhach agus ceannródaíoch i laethanta óga Bróid sa tír.
Maidir le scannánaíocht, beidh léiriú den scannán ‘Lyra’ agus ceisteanna ina dhiaidh le Sarah Canning. Beidh scoth an cheoil agus amhránaíochta ann, le ceolchoirmeacha agus seiteanna le George Houston agus a bhanna, Branwen, Ella Fitzgerald, Eve Belle, Lonesome George, Tara G, The Murray Brothers agus Jason Leighton, agus seisiún ceoil traidisiúnta.
Ar an Domhnach deireanach den fhéile, nó an 23 Iúil, beidh sraith imeachtaí speisialta ann le críoch a chur le Bród na Gaeltachta; siúlóid i nGleann Finne agus ceol i Lóistín na Seamróige ar an bhFál Carrach.