skip to main content

Completed DuoLingo? 5 ways to use your Gaeilge socially

Learning Irish has become easier and more accessible than ever but using Irish in social settings still remains a challenge for many learners.

Connection and confidence can really help to get past that initial anxiety of using a language that doesn't feel natural to you. Here's where social groups come in to save the day, by focusing less on the language element and more on the fun part. Are these events going to make you the fluent speaker you long to be? No, but getting to know a few people who speak Irish will certainly reduce the inner ick. Your Irish doesn't have to be perfect to attend, but you will be expected to leave your Béarla at home.

Here are some of the groups and events happening if you want to use more Irish and meet like-minded people. Most of these groups are happening around Dublin but don't forget you can set up your own group, using technology.

Dóibh siúd a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ach nach bhfaigheann deis í a úsáid go minic, tá grúpaí mar seo ríthábhachtach le teacht ar chairde nua. Dár ndóigh, tá sé níos éasca ná riamh grúpaí mar seo a thosú le cabhair ón dteicneolaíocht.

1. Club Reatha Sóisialta Gaeilge

Bíonn an club reatha do Ghaeilgeoirí ar siúl gach maidin Domhnaigh ag leathuair tar éis a deich i bPáirc an FhionnuisceTá Club Reatha sóisialta Gaeilge nua bunaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé mar chuid de na Gaeil Óga, an club CLG lán-Ghaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

2. Club Snámh

Tá grúpa tagtha le chéile le snámh san fharraige le chéile i mBaile Átha Cliath freisin. Beidh an chéad teacht le chéile eile ag tarlú amárach, Dé hAoine ag Rinn na Mara. Is féidir Aisling Ní Dhonnabháin a leanacht ar Instagram le gach eolas a fháil air.

3. Na Cnocadóirí

Má tá spéis agat tabhairt faoi na cnoic, tá na cnocadóirí ag teacht le chéile le fada an lá agus iad ag siúl sléibhte agus chnoic na hÉireann. Eagraítear siúlóidí difriúla ann ag leibhéil éagsúla mar sin ní gá a bheith imníoch faoi do chumas cnocadóireachta.

Gach eolas anseo

4. Amhránaithe an Chlub

Dóibh siúd a bhfuil fonn amhránaíochta orthu, tagann Amhránaithe an Chlub le chéile uair sa mhí, go hiondúil an chéad Déardaoin den mhí. Bíonn aoi-amhránaí Bhíodh sé ag tarlú i gClub Chonradh na Gaeilge atá dúnta faoi láthair agus dá bhrí sin, bogann an club thart ar an gcathair. Is gá ticéad a fháil a cheannach don ócáid seo.

5. Na Gaeil Óga

Club CLG lán-Ghaeilge é Na Gaeil Óga atá lonnaithe i Leamhcán, iarthar BhÁC. Tá foirne peile, iománaíochta agus camógaíochta acu do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Tá siad i gcónaí ag cur fáilte roimh bhaill nua. Breis eolais faoin gclub le fáil anseo