skip to main content

Get to know Dublin as Gaeilge

Is minic a bhíonn na Gaeil ag cuartú chaitheamh aimsirí trí mheán na Gaeilge nach mbaineann leis an teanga amháin. Some of Dublin's most loved tours and historical sites run tours as Gaeilge, here are 3 great ways to use your Irish in Dublin's Fair City.

The National Gallery/Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Seo deis le eolas luachmhar agus pleisiúr a bhaint as an Dánlann Náisiúnta.

Is deis é Ciorcal Comhrá páirt a ghlacadh i gcomhrá i nGaeilge ar théamaí a bhaineann le bailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta nó le taispeántas sealadach. An mhí seo, bígí i dteannta Caomhán Mac Con Iomaire agus Jack Connolly Dowling agus iad ag caint faoi saothar ealaíne ar taispeáint mar chuid de An Artist's Presence, taispeántas i nGailearaí na bpriontaí

Reachtáilfear an imeacht seo ar líne ar an 20 Meitheamh idir 1 agus 2. Saor in aisce, ach caithfear áit a chur in áirithe.

Faigh amach níos mó faoi anseo

Kayak as Gaeilge

Is féidir leat aithne a chur ar chathair Bhaile Átha Cliath ó abhann na Life. Turas spraíúil é a bheadh go maith le buíon cairde.

Tuilleadh eolais anseo

IMMA

Bígí linn sa ngailearaí do thuras neamhfhoirmiúil trí Ghaeilge ar thaispeántais na Dánlainne. Saor in aisce, is gá áirithint a dhéanamh. Join the gallery for an informal tour as Gaeilge on of the exhibitions. Free, booking required.

Dé Sathairn 14 Meitheamh, 1:30–2pm

Tuilleadh eolais anseo

Bíonn turais i nGaeilge thart ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus i nDánlann Hugh Lane ó am go chéile freisin. Coinnigh súil amach ar Eventbrite!