Rinne Áine Ní Ghlinn léirmheas ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar dhá chnuasach filíochta; cnuasach nua de chuid an fhile, Máire Dinny Wren agus cnuasach eile ina bhfuil filíocht céad file ann, in eagar ag Mícheál Ó Conghaile.
Ag caint ar an gcnuasach nua-fhoilsithe ag an bhfile Chonallach, Máire Dinny Wren, dúirt Ní Ghlinn go bhfuil sí den tuairim nach bhfuil an t-aitheantas cuí faighte aici as a cuid scríbhneoireacht go dáta.
Seo cnuasach haiku de chuid an fhile agus deir sí go bhfuil na dánta álainn ar fad agus gur fíor an méid a dúirt na foilsitheoirí, Éabhlóid, a rinne cur síos ar na dánta mar 'aislingí beaga' a dhéanann ceiliúradh ar an nádúr dhúchasach.
Is geall le haislingí beaga na dánta seo; seoda smaointeoireachta, criostalaithe i bhfoirm an Haiku, a thugann móimintí léargais dúinn. Dánta a dhéanann ceiliúradh ar an nádúr dhúchasach ina músclaítear ár gcéadfaí ionas go ndéantar an cheangal atá againn leis an fhiadhúlra a dhaingniú. Is línte machnaimh ar an timpeallacht iad, a bhfuil macallaí láidre na Luath-Ghaeilge iontu. Dánta beaga iad, a phléann le ceisteanna móra- Éabhlóid
Tá an leabhar beag bídeach seo briste suas na dánta i gcuideanna mar a bheadh caibidilí ann. Leanann na caibidilí sruth na bliana agus deir Ní Ghlinn go bhfuil ceol le clos sna cnuasach.
Molann Ní Ghlinn an leabhar a thabhairt leat agus tú sa amuigh faoin aer le cumhacht na ndánta a mhothú. Ag cur síos ar fhoirmle an haiku, deir sí gur 'dánta beaga, smaointe móra' iad.
An dara cnuasach a mholann Ní Ghlinn ná an cnuasach atá in eagar ag an scríbhneoir cumasach, Mícheál Ó Conghaile. Luann Ní Ghlinn go bhfuil drogall ar dhaoine suí síos agus neart léitheoireachta a dhéanamh na laethanta seo ach go bhfuil a leithéid de leabhar go maith dóibh siúd a fhaigheann deacair é díriú ar an léitheoireacht. Molann sí éagsúlacht na filíochta atá sa chnuasach agus go bhfuil deis anseo roinnt filí nach maireann a chur faoi bhráid léitheoirí comhaimseartha.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ar a 5.