skip to main content

'Níl gig níos fearr ná é'- Tristan Rosenstock ar shaol an athar

Labhair muid le Tristan Rosenstock, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir lena shaol mar athair.

Cad é ról an athar comhaimseartha, i do thuairim?

Nuair a bhíos féin ag fás aníos bhíodh na haithreachra ar fad ag obair agus formhór na máithreacha sa mbaile ag tógáil clainne. Tá sé sin ar fad athraithe anois agus go minic bíonn Mamaí agus Daidí beirt ag obair. Fágann sé sin go roinntear cúraimí an tí. Ó mo thaithí féin, déarfainn go bhfuil aithreacha an lae inniu i bhfad níos gníomhaí mar thuismitheoirí agus nuair a bhím sa chlós spraoi le mo pháistí bíonn níos mó agus níos mó aithreacha le feiceáil ann.

Cad a chur iontas ort maidir le do shaol mar thuismitheoir?

Go mbeinn chomh buartha sin mar athair. Caithfidh go ndeirim "bí cúramach" thart ar 100 uair in aghaidh an lae. Agus an tuirse, ar ndóigh...

An dóigh leat go bhfuil ag éirí linn maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir máithreacha agus athaireacha?

Tá dul chun cinn déanta maidir le saoire aithreachais ach ní dóigh liom féin gur leor coicís. Is tréimhse iontach deacair í an chéad mhí go leith go háirithe don mháthair atá ag teacht chuici féin agus ba dheas an tréimhse sin a chaitheamh sa mbaile ag tabhairt aire dóibh.

Dá mbeifeá le comhairle a chur ar fhear a bheidh ina athair go luath, cad a déarfá?

Téir ar saoire le do pháirtí. Ní gá dul i bhfad ó bhaile, ach déan iarracht am a chaitheamh le chéile agus taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. Beidh an chéad cúpla mí eile iontach gnóthach agus beidh tú ag rith thart le liostaí an t-am ar fad. Ach níl gig ar bith níos fearr ná é. Ádh mór!

Éist le An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin ag 2.05