Labhair muid le Cormac Ó hEadhra atá le cloisteáil ar Drivetime ar RTÉ Radio One faoi Lá na n-Aithreacha agus a thuiscintí ar chlann a thógáil sa lá atá inniu ann.
Cad é ról an athar comhaimseartha, i do thuairim?
'Mhaighdean! Níl fhios agam! Níl fhios ag aon athair ná aon duine go cinnte ná go cuimsitheach sílim. Ach, do dhícheall a dhéanamh. Grá, cúram, saothrú, treoir, smacht. Léigh leo. Spraoi leo. Tabhair tacaíocht. Agus thar aon rud eile, má tá Gaeilge agat, tabhair dod chlann é :)
Cad a chur iontas ort maidir le do shaol mar thuismitheoir?
Go bhfuil a charachtar nó a phearsa iontach fhéin ag an bpáiste - a d(h)úil agus a t(h)oil féin! Freisin, níl a fhios agam ar ‘iontas' a focal cuí ach tá sé spéisiúil go dtagann forbairt an pháiste i gcéimeanna nó i dtréimhsí. Má tá dánaíocht nó deacracht ann inniu, ní gá go mbeadh sé ann i gceann seachtaine. Is dóigh go gcuireann sé iontas álainn ar chuile thuismitheoir nuair a fhorbraíonn an páiste agus bhíonn siad in ann rudaí - cruthaitheacht, spóirt, ceol, cumarsáid srl. - a bhaint amach iad féin (go minic níos fearr ná an tuismitheoir!)
An dóigh leat go bhfuil ag éirí linn maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir máithreacha agus athaireacha?
Is dóigh go mbraitheann sin ó chlann go clann. Ach go ginearálta mothaím nach bhfuil cothromíocht iomlán ann fós. Titeann dualgaisí cúraim níos troime ar mháthaireacha go minic ar chúiseanna éagsúla - cultúrtha; éagothromíocht pá; struchtúr saoire máithreachais/athaireachais. Bheadh cothromaíocht níos fearr do na tuismitheoirí, don chlann agus don phobal.
Dá mbeifeá le comhairle a chur ar fhear a bheidh ina athair go luath, cad a déarfá?
Mholfainn dó comhairle a lorg ó dhuine níos fearr!!Bain sult as. Glac le cúnamh má tá sé ar fáil. Foighid. Codail nuair a bheidh deis agat. Ól braon caifí ar maidin!