skip to main content

Céim oinigh bronnta ag Coláiste na Tríonóide ar Linda Ervine

Ag searmanas sa Laidin i dTéatar Poiblí stairiúil na hollscoile, bhronn an Seansailéir, an Dr Máire Mhic Giolla Íosa, an onóir is airde ón gColáiste ar Linda Ervine, ceann feadhna ionad Gaeilge Turas i mBéal Feirste; ar an bhfear gnó daonchairdiúil Dermot Smurfit; ar an saineolaí mór le rá ar oistéapóróis Moira O'Brien; agus ar dhuine de na breithimh is céimiúla i dTuaisceart Éireann, an Ridire Donnell Deeny, atá ina Leas-Seansailéir de chuid Choláiste na Tríonóide.

Bronnann Coláiste na Tríonóide céimeanna oinigh gach bliain chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a dhéanann obair eisceachtúil i réimsí éagsúla.

Seo an cur síos a rinne Coláiste na Tríonóide ar obair Linda:

Tá Linda Ervine ina bainisteoir agus ina ceann feadhna ar ionad Gaeilge Turas i mBéal Feirste. Bhunaigh sí Scoil na Seolta, an chéad scoil imeasctha a mhúineann trí mheán na Gaeilge. Ina thaobh seo, tá obair fhíorshuntasach agus uathúil déanta aici maidir le cur chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste agus le tuiscint trasphobail sa Tuaisceart. Tá cúlra den lucht oibre Protastúnach aici agus bhí sí i measc grúpa ban trasphobail a thug faoi ranganna Gaeilge in 2011 faoi scáth Mhisean Oirthear Bhéal Feirste leis an Eaglais Meitidisteach, i gceantar dílseach de chuid an lucht oibre sa taobh thoir de lár na cathrach.

Éist anseo le Linda Ervine ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint faoina cuid oibre agus an turas a rinne sise agus foghlaimeoirí eile go Corca Dhuibhne le barr feabhais a chur ar an gcuid Gaeilge ann.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Thóg sí ceannaireacht ar an tionscadal ina dhiaidh sin agus faoina ceannasaíocht is é Turas an t-ionad Gaeilge is mó i mBéal Feirste anois le breis is 600 foghlaimeoir seachtainiúil. Tagann formhór acu ó chúlra Protastúnach/Aontachtach, rud nach mbeifí ag súil leis mar phobal a bhíodh doicheallach i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh tráth. Áitíonn sí go láidir nár cheart imní ná faitíos a bheith ar Aontachtaithe faoin nGaeilge ach gur chóir dóibh glacadh léi mar chuid dá n-oidhreacht féin. Mar gheall ar Turas, tá an iliomad nascanna cruthaithe idir phobail Aontachtacha agus Náisiúnacha, agus tugtar Protastúnaigh agus Caitlicigh isteach i gceantair a bhaineann a bhaineann le pobail a chéile go rialta. Ar deireadh, bíonn Ms Ervine ag tacú go fial leis an M.Phil de chuid Choláiste na Tríonóide i Réiteach Coimhlinte agus Athmhuintearas ar champas Bhéal Feirste.

Le costas suntasach pearsanta, agus le misneach ollmhór in aghaidhfrithbheartaíocht antoisceach óna pobal féin, tá pobal bríomhar cruthaithe aici atá fréamhaithe i bhfoghlaim teanga i gceantar díothach i mBéal Feirste áit nach raibh a leithéid de phobal ann riamh roimhe agus nach bhféadfaí é a shamhlú. Tá a hobair ag teacht leis an bhfís de thodhchaí comhroinnte agus de thuiscint idirchultúrtha sa Tuaisceart, ar fud an oileáin, agus idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Bronnadh MBE uirthi sa bhliain 2021 chomh maith le Dochtúireacht Oinigh ó Ollscoil na Banríona sa bhliain 2023.