skip to main content

Ulysses was Irish, Yes?

Ceanndána? Sotalach? Éirimiúil? Sea, sea, sea.
Ceanndána? Sotalach? Éirimiúil? Sea, sea, sea.

Ag siúl sráideanna Bhleá Cliath duit, uaireanta rithfeadh sé leat go bhfuil cosc ar léiriú poiblí a dhéanamh ar scríbhneoir ar bith seachas James Joyce. Nach ait é, go háirithe agus an dearmad a dhéantar ar scríbhneoirí na Gaeilge.

Tá sé le feiceáil ar mhúrphictiúir ar fud an bhaile, ar bhoscaí leictreachais, ar óstán ollmhór i mBarra Teampaill. É ar phóstaeir, cupáin, cártaí poist, tuáillí tae. Ní féidir éalú ón Seoigheach.

"D'ordaigh mise baill inmheánacha míol agus éanlaithe! Seo gnáth full Irish leamh!"

Cé go bhfuil cáil mhór idirnáisiúnta ar an Seoigheach mar mhórscríbhneoir na hÉireann (agus an Bhéarla trí chéile) ní heol do mhórán go bhfuil teacht ar a shárshaothar i nGaeilge. Sna 1980/90idí a foilsíodh Uiliséas ina imleabhair. Séamas Ó hInnéirghe (Oifigeach leighis san RAF murar miste leat!), Breasal Uilsean, Séamas Ó Mongáin agus Breasal Ó hInneirge a d'aistrigh. Níl an t-aistriúchán gan locht ach foilsíodh an t-iomlán (éacht nach beag) agus tá seoda le fáil ann. Seo sliocht ó thús an leabhair áit a gcastar le Stephen Daedalus i dTúr Martello Chuas an Ghainimh.


Go hoscartha, tháinig Buck beathaithe Mulligan ó cheann an staighre, ag breith scála sobail leis ar a raibh scáthán agus altán ina luí crosach. Bhí a ghléasfhallaing bhuí gan chrios spréite in airde go réidh ina dhiaidh ar aithleá séimh na maidine. Thóg sé an scála in airde agus thúschan:
—Introibo ad altare Dei.
Ina sheasamh, ghliúcaigh sé síos an cais-chéimire dorcha agus scáirt sé amach go garbhghlórach:
—Gabh aníos, a Kinch, 'Gabh aníos, a Íosánaigh scáfar'
Go stuama, tháinig sé chun tosaigh agus chuaigh suas ar an ghunnaphort chruinn. Thug sé thart a aghaidh agus choisric sé go forasta faoi thrí an túr, an tír fagcuairt, agus na sléibhte dúiseachtacha. Ansin ag fáil radharc ar Stephen Dedalus, chrom sé ionsair, agus ghearr comhartha na croise san aer go tapa, agus é ag glotaíl ina scornach agus ag croitheadh a chinn.


Stately, plump Buck Mulligan came from the stairhead, bearing a bowl of lather on which a mirror and a razor lay crossed. A yellow dressinggown, ungirdled, was sustained gently behind him on the mild morning air. He held the bowl aloft and intoned:
—Introibo ad altare Dei.
Halted, he peered down the dark winding stairs and called out coarsely:
—Come up, Kinch! Come up, you fearful jesuit!
Solemnly he came forward and mounted the round gunrest. He faced about and blessed gravely thrice the tower, the surrounding land and the awaking mountains. Then, catching sight of Stephen Dedalus, he bent towards him and made rapid crosses in the air, gurgling in his throat and shaking his head.

James Joyce agus Nora Barnacle, de rigueur.


Léimimis chun tosaigh anois ar ár gcamchuairt timpeall na hardchathrach le casadh le Leopold Bloom i sliocht a bhfuil aithne i bhfad is i ngearr air.


D’itheadh Mr. Leopold Bloom go blasta baill inmheánacha míol agus éanlaithe. Bhí dúil aige i dtiubh-anraith gipise, eagaoisí cnóiteacha, croí búisteach rósta, stiallacha ae friochta ar screamhbhruar, eochraí friochta bhan-truisc. Thar gach uile ní eile bhí dúil aige in áranna gríosctha caoireola a thug dá charball iarbhlas mín de fhual fann-chumhra.


Mr Leopold Bloom ate with relish the inner organs of beasts and fowls. He liked thick giblet soup, nutty gizzards, a stuffed roast heart, liverslices fried with crustcrumbs, fried hencods’ roes. Most of all he liked grilled mutton kidneys which gave to his palate a fine tang of faintly scented urine.

Gach uile imleabhar Uiliséas sa bhos.

Cuireann an sliocht feolmhar biata seo ócáid liteartha eile i gcuimhne dom. Le cúpla bliain anuas tá turas ar bun ag muintir na Gaillimhe - ceiliúradh ar imeachtaí Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir. In áit 'baill inmheánacha míol agus éanlaithe' - itear crúibíní, bia uisciúil leamh a bhí beagnach chomh dona céanna le céadphroinn Bhlúm deirim libh!

Imíonn léitheoirí na Gaillimhe ón gcéad radharc sa Choláiste agus ó thábhairne go chéile ag leanúint dhrabhlás an leabhair. Rud a chuirfeadh an chéad Lá Bloom i gcuimhne, nuair a thug Brian Ó Nualláin (Myles na Gopaleen), Patrick Kavanagh agus eile faoi chosáin an leabhair a leanúint. D’imigh cúrsaí sa bhfraoch orthu ar deireadh, mar gurbh fhearr de phótairí ná de phrósairí iad b’fhéidir.

Bréigéide, céiliúradh, amaidí Lá Blúm. Tapaigh an deis.


Is dóigh liom gurb í Eipeasóid 18 (monalóg Molly Bloom) buaic Úiliséas ar go leor bealaí. Sruth comhfheasachta nó stream of consciousness is ea an prós seo gan phoncaíocht (nach mór). Síltear gur fhoghlaim Joyce an nós seo óna bhean Nóra Barnacle.


…sea agus na sráideanna aite uilig agus na tithe bándearga gorma buí agus na hinscighmí róis agus na fóirdris agus na crobhanna dearga agus na cactais agus Giobráltar le linn mo ghirseoige mar a raibh mé i mo bhláth an tsléibhe sea nuair a chuir mé an rós i mo chiabh mar a ndéanadh na cailíní Andalúsaíacha nó an gcaithfidh mé dearg sea agus an chaoi ar phóg sé mé faoin mhúr Múrach agus smaoin mé d’aile nach cuma seisean ná duine eile agus ansin d’iarr mé air le mo shúile chun iarrata athuair agus sea agus d’iarr sé orm ansin go n-abróinn sea le sea a rá mo bhláth an tsléibhe thug mé i mo bhaclainn ar dtús é sea agus tharraing síos chugam é go raibh sé in ann mo chíocha a aireachtáil faoin bholtnas go léir sea agus bhí a chroí ag rith ar séarsa agus sea dúirt mé sea déanfaidh mé sea.


…yes and all the queer little streets and the pink and blue and yellow houses and the rosegardens and the jessamine and geraniums and cactuses and Gibraltar as a girl where I was a Flower of the mountain yes when I put the rose in my hair like the Andalusian girls used or shall I wear a red yes and how he kissed me under the Moorish wall and I thought well as well him as another and then I asked him with my eyes to ask again yes and then he asked me would I yes to say yes my mountain flower and first I put my arms around him yes and drew him down to me so he could feel my breasts all perfume yes and his heart was going like mad and yes I said yes I will Yes.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Conas is féidir leatsa Lá Bloom a cheiliúradh mar sin? Tá suíomh gréasáin lán go barra le himeachtaí anseo. Is é a mholfainn féin iarracht a dhéanamh freastal ar léamh éigin i dTúr Martello. Suíomh aoibhinn le focaldeoch ilfhoclach ilchisealach Joyce a shlogadh. Nó téigh ag coisíocht ar cheann de na siúlóidí éagsúla - le heolas as an nua a chur ar Bhleá Cliath.

Is fiú dul i ngleic le cuid éigin den téacs freisin - ach ná cuirfeadh sé ó chodladh na hoíche thú mura n-éiríonn leat an uile thagairt ann a aithint agus gach dúcheist ann a scaoileadh. Is leor blaiseadh de agus do mhaidí a ligean le sruth na comhfheasachta fad a shíobfaidh tú ar bháidín meara ó thaobh taobh Bhaile Átha Cliath. Ach déan cinnte gan an tuáille tae a cheannach.