skip to main content

20 bliain ag foilsiú: Futa Fata ar an aistear go dtí seo

Tadhg Mac Dhonnagáin
Tadhg Mac Dhonnagáin

Scríobhann bunaitheoir Futa Fata, teach foilsitheoireachta do pháistí, Tadhg Mac Dhonnagáin mar gheall ar an aistear go dtí seo.

Ní achar fada ama é fiche bliain ar bhealach amháin, ach nuair a chaithim súil siar ar an tréimhse atá caite ó bunaíodh Futa Fata in 2005, is deacair gan suntas a thabhairt do na hathruithe ar fad atá tagtha ar an saol, ní hamháin in iarthar na hÉireann san áit a bhfuil an comhlacht lonnaithe, ach ar fud na cruinne.

An t-athrú is suntasaí ná a cheangailte is atá gach duine anois againn go digiteach leis an saol mór, is cuma cá bhfuil cónaí orainn. In 2005, bhí Facebook díreach tagtha ar an saol agus tháinig ann do Twitter in 2006. Cé go bhfuil na meáin shóisialta tar éis trioblóid go leor a tharraingt ar bhealaí éagsúla, bhí siad ina gcúnamh mór ó thús do ghrúpaí mionlaigh agus do phobail sainspéise de gach cineál, ba chuma cá raibh siad lonnaithe.

Sin mar a bhí i gcás teach beag foilsitheoireachta atá lonnaithe faoin tuath agus ag cur leabhair i láthair i dteanga mhionlaithe. Na laethanta seo, tá Futa Fata in ann a bhfuil ar siúl againn a phoibliú gan stró agus muid i dteagmháil go leanúnach leis an bpobal a cheannaíonn ár gcuid leabhar trí theachtaireachtaí, físeáin agus ábhar grafach a phostáiltear ar Instagram, ar Tik Tok, ar Facebook agus ar Bluesky.

Ach in 2005, ní raibh na deiseanna sin ann fós agus ní raibh an fhoireann chumasach i mo thimpeall is atá anois ann. Ag obair asam féin a bhí mé sna chéad bhlianta, agus bhí go leor le foghlaim, mé ag iarraidh déileáil le gach gné den obair, chomh maith le bheith ag scríobh don teilifís freisin, ar mhaithe le cur leis an ioncam. Nuair a tháinig Breda Ní Chonghaile ag obair liom in 2009, baineadh sciar de riarachán na foilsitheoireachta díom. Bhí mé in ann díriú níos fearr feasta ar an taobh cruthaitheach den obair, ag cabhrú le scríbhneoirí eile a gcuid scéalta a fhorbairt agus a chur in eagar, ag comhoibriú le maisitheoirí, ag aimsiú leabhar le haistriú go Gaeilge agus ag scríobh mé féin.

Tadhg Mac Dhonnagáin

Faoin mbliain 2013, bhí líon na leabhar a bhí á bhfoilsiú againn imithe i méid agus bhí sé in am duine a aimsiú a dhíreodh ar bhonn níos eagraithe ar an obair phoiblíochta. Ó shin i leith, tá a cuid féin déanta ag Gemma Breathnach den ról seo, agus forbairt mhór déanta aici ar an margaíocht a dhéantar ar na leabhair. Agus ó tharla go bhfuil na scríbhneoirí agus na maisitheoirí a mbíonn muid ag obair leo breá gníomhach iad féin ar na meáin shóisialta, tá ag éirí linn a dhul i bhfeidhm ar shiopaí leabhar agus ar leabharlannaithe, an dá dhream a dhéanann oiread sin leis na leabhair a chur i lámha páistí ar fud oileán na hÉireann. Is minic na scríbhneoirí agus na maisitheoirí ag tabhairt cuairt ar na leabharlanna agus ar scoileanna le ceardlanna agus léamhanna a chur i láthair. Glacann siad páirt i bhféilte litríochta agus ealaíon agus cuireann an obair sin ar fad go mór le feiceálacht a saothar.

Tá toradh tábhachtach eile leis na hiarrachtaí sin ar fad – na laethanta seo, tá aird i bhfad níos mó ag na meáin Bhéarla ar ár gcuid leabhar, go mór mór an t-ábhar don óige.

Agus, ar ndóigh, tá tacaíocht na n-iriseoirí Gaeilge chomh maith againn, mar a bhí ó thús. Tá eagraíochtaí cosúil le Children's Books Ireland chomh maith ann a chuireann na leabhair chun cinn ar an teilifís, ar an raidió agus ina gcuid foilseachán poiblíochta féin.

Le blianta beaga anuas, tá fás breise tagtha ar fhoireann Futa Fata agus beirt nua tagtha ag obair linn. Bhí taithí leathan ag an eagarthóir Róisín Adams in earnáil na leabhar sular tháinig sise ar bord. Anois agus gnéithe den chúram bainistíochta á nglacadh aici uaim chomh maith, tá deis agam díriú níos mó an athuair ar an scríbhneoireacht.

Tugann sé sásamh ar leith chomh maith dom gur éirigh linn eagarthóir óg, Éadaoin Ní Dhomhnaill, a fhostú an tráth seo anuraidh agus í ag tosú amach i saol na hoibre. Tá ról tábhachtach ag na heagarthóirí maidir le gné nua den obair ar thug muid faoi le roinnt blianta anuas, an t-inphrionta do dhaoine fásta, Barzaz, atá ag feidhmiú ón mbliain 2021 i leith. Leabhar nó dhó in aghaidh na bliana a fhoilsíonn Barzaz agus béim ar leith againn ar an bhficsean comhaimseartha, idir aistriúcháin ón bhFraincis agus bhunsaothair, chomh maith le filíocht. Is iad leabhair na n-óg an príomhchúram i gcónaí, agus sna blianta atá romhainn, beifear ag feiceáil le bearnaí áirithe sa rogha leabhar a fhoilsíonn muid don óige a líonadh. Úrscéalta próis, úrscéalta véarsaíochta nó úrscéalta grafacha do dhéagóirí – is iomaí féidearthacht atá ann.

An bhfuil dúshláin ag baint leis an obair i gcónaí? Tá, cinnte. In ainneoin go bhfuil an-dearfacht ann i leith na teanga i measc an phobail na laethanta seo, tá an spás ar an tseilf a chuirtear ar fáil sna siopaí do leabhair Ghaeilge fós sách teoranta, cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal sin de réir a chéile, agus roinnt siopaí ann a bhfuil rannóga breátha Gaeilge acu.

Tá sé fós deacair spéis na meán Béarla a mhúscailt i scríbhneoireacht Ghaeilge do dhaoine fásta agus tá an seanmheon ann i gcónaí gur áis foghlama de chineál éigin atá i ngach leabhar a fhoilsítear sa teanga. Ach tá an tuairim sin ag athrú chomh maith, más go mall féin é.

Agus is de bharr tacaíochta atá an t-athrú sin ag tarlú. Tá mé ag caint ar thacaíocht ón lucht maoinithe – Clár na Leabhar, An Chomhairle Ealaíon, COGG, Cultúr Éireann, Litríocht Éireann agus Ealaín na Gaeltachta. Ach tá tábhacht mhór chomh maith leis an tacaíocht atá againn ó ghréasán na leabharlann agus ó lucht na ngradam liteartha – an tOireachtas, na Irish Book Awards agus gradaim KPMG/Children’s Books Ireland.

Agus seachas dream ar bith, tá tacaíocht leanúnach ann ó na tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus eile a cheannaíonn leabhair na bpáistí agus a roinneann iad leis na léitheoirí óga. Tá clubanna leabhar do dhaoine fásta ag dul i líonmhaire, chomh maith le léitheoirí aonair ar spéis leo leabhair nua Ghaeilge a aimsiú le léamh. Is muid atá buíoch as an tacaíocht sin go léir.