skip to main content

Cé hé nó hí Laoch na nGael?

Cé hé nó hí Laoch na nGael, an duine beo nó marbh a rinne éacht ar son na Gaeilge nó na Gaeltachta? Sin an cheist atá á cur ag an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Samhradh seo. Tá an clár ag lorg moltaí ón bpobal chun liosta deichniúr a chur le chéile.

Ansin tabharfar cuireadh le linn an tSamhraidh d'abhcóidithe ar son gach duine den deichniúr an argóint a dhéanamh cén fáth gur chóir dá rogha siúd a bheith ainmnithe mar Laoch na nGael. Tar éis vóta poiblí ainmneofar gearrliosta de thriúr agus ansin beidh deis eile ag an pobal vótáil chun Laoch na nGael a roghnú.

I measc na n-ainmneacha atá molta ag an bpobal go dtí seo tá Gearóid Ó Cairealláin, Rónán Mac Aodha Bhuí, Caitlín Maude, Joe Steve Ó Neachtain agus Máirtín Ó Cadhain.

Fachtna Ó Drisceoil

Is é Fachtna Ó Drisceoil, atá ar shos Samhraidh óna ról mar láithreoir Tús Áite, atá i mbun an togra seo. Deir sé:

'Is é atá i gceist leis seo ná rogha an phobail agus d’fhéadfadh sin a bheith difriúil ó rogha a dhéanadh scoláirí nó staraithe. Seans go dtabharfadh staraithe níos mó suntais do leithéidí Pádraig Mac Piarais nó Dubhglas de hÍde ach seans go mbeadh an pobal ag iarraidh daoine a chuaigh i bhfeidhm orthu le linn a saol ré féin a chur chun tosaigh. Mar sin seans go léireoidh an liosta seo an oiread dúinn faoi na luachanna atá ag pobal comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta is a léireoidh sé faoi cé hé nó hí an duine a rinne an éacht is mó riamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.’

‘Tugaimid faoi deara nach bhfuil mórán mná ainmnithe go dtí seo – más rud é sin a chuireann imní ar dhaoine bígí i dteagmháil linn le haimnmeacha ban ar chóir dóibh a bheith san áireamh!’

Is féidir ainmiúcháin a sheoladh go dtí tusaite@rte.ie go dtí an Domhnach 22 Meitheamh.