skip to main content

The joy of the hometown gig: An Ghig Mhór

An Ghig Mhór, a new RTÉ series that celebrates the joy of putting on your first big hometown gig will air from Monday 9th June at 8pm on RTÉ One and RTÉ Player. Labhair muid le léiritheoir na sraithe, Cian Mac Cárthaigh faoi choincheap agus tábhacht na sraithe.

In each episode, a renowned Irish musician mentors an up-and-coming band, helping them organise and prepare for that first big gig in their hometown. The new bands featured on the series are The Donnys from Kilkenny, Singer-songwriter Hannah B and her band from Gaoth Dobhair, Donegal, Na hEasógaí from Conamara in Galway, Leixlip punk-rockers The Hex, Coolboy from Laois and Leevy from the Múscraí Gaeltacht in Cork. Each band has their own unique sound and performs in both English and Irish.

From Donegal to Kilkenny, the series showcases a different town and band each week. Mentors on the series are Rónán Ó Snodaigh, lead vocalist of Kíla, hip-hop duo Tebi Rex and singer-songwriters John Spillane, Síomha, Eve Belle and vocalist, harpist and pianist, Krea.

Cad a spreag tú le tabhairt faoin tsraith seo?

Is é a bheith ag ceol beo an rud is luachmhara atá ag ceoltóirí. Tá neart rudaí ag athrú i dtionscal an cheoil ach measaim go mbeidh ceolchoirmeacha ann go deo agus sa lá atá inniu ann tá siad níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Go háirithe i gcóir bannaí ceoil óga. Nuair atá ceolchoirm go maith tá rud éigin faoi leith ann - paisean, craic, fuinneamh, spiorad faoi leith. Rinne mé iarracht é sin a chur trasna ar an gclár. Theastaigh uaim clár ceoil a chruthú a bhí beaganín éagsúil agus theastaigh uaim ceiliúradh a dhéanamh ar cheolchoirmeacha agus ceol beo. Ag an am céanna mheas mé go raibh sé tábhacht léiriú do lucht féachana go bhfuil an-cuid obair i gceist i ngig a eagrú agus a chur ar stáitse.

Chomh maith leis sin cúpla bliain ó shin bhí mé ag obair mar mholtóir ag Comórtas Scléip (togra de chuid Gael Linn), chonaic mé na mbanna ceoil iontacha seo ó thimpeall na tíre. Bhí mé fiosrach futhu, an mbíonn siad fós ag ceol théis dóibh scoil a chríochnú? Cá mbíonn siad ag ceol fiú amháin?... Mheas mé go raibh sé tábhachtach an spotsolas a chur ar mbannaí ceoil agus ceoltóirí taobh amuigh do Bhaile Átha Cliath chomh maith, bhí gréasán agus scene ceol beo iontach ann blianta ó shin ach conas mar atá rudaí anois?

Tá cáil ar Éirinn maidir le ceol, ón gceol traidisiúnta go dtí ceol comhaimseartha, cá bhfeiceann tú an ceol i nGaeilge faoi láthair?

I láthair na huaire tá mé ag ceapadh go bhfuil níos mó eagsúlacht ann i gceol i nGaeilge ná mar a bhí riamh. Tá na ceoltóirí atá ann anois iontach dírithe agus tá spriocanna i bhfad níos uaillmhianaí acu. Ó bheith ag freastal ar cheolchoirmeacha tá sé sóiléir go dtuigeann siad gur gá seó agus eispéireas a chur ar fáil don slua. Tá rudaí le rá acu ar fad chomh maith, sna liricí agus ar stáitse, níl drogall orthu labhairt amach i gcoinne neamhionannas agus rudaí atá ag tarlú timpeall an domhain. Tá an t-ádh orainn go bhfuill an borradh seo ann, is léir go bhfuil tórthaí le brath anois ón obair chrua a bhí ar bun ag daoine óna 70í ar aghaidh chun ceol i nGaeilge a chur chun cinn.

The Donnys

Dár ndóigh, is ceoltóir thú féin, an bhfeiceann tú go bhfuil saol an cheoltóra níos dúshlánaí ná riamh sa lá atá inniu ann?

Tá sé iontach deacair a bheith i do cheoltóir 100% den am. Tá meas agam ar aon duine gur féidir leo é sin a bhaint amach, níl sé éasca os rud é nach bhfuil aon cinnteacht riamh agus go bhfuil sé ag fáil níos deacrathaí airgead a shaothrú. É sin ar fad ráite tá rudaí ann anois nach raibh aon blianta ó shin. Ní gá brath ar lipéadí ceoil a thuilleadh, is féidir do chuid ceoil a thaifeadadh agus a éisiú go héasca anois. Dar ndóigh ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó iomaíocht agus níos mó ceoil ann anois ach má tá fís agat agus rud éigin le rá le do chuid ceoil sin an príomhrud.

Rud amháin a mholfainn do cheoltóir ar bith ná briseadh a thabhairt duit féin ó am go chéile. Bíonn brú ar cheoltóirí rudaí nua a chur ar spotify, meáin shoisialta srl... an t-am ar fad agus a bheith ar chamchuairt i gcónaí. Is gá sos a thabhait duit féin uaireanta. Ó thaobh rudaí gur féidir a dhéanamh le cuidiú le ceoltóirí, bá cheart go mbeadh i bhfad níos mó tacaíocht ann ar an raidió do cheoil Éireannach, b'fhiú go mór tacú le níos mó ionad ceoil timpeall na tíre - idir daoine ag freastal orthu agus tacaíocht ón rialtas agus an rud is tábhtachtaí.... más maith leat banna ceoil bí ag tacú leo ceannaigh rud éigin ar bandcamp nó téigh chuig ceolchoirm, cabhraíonn sé go mór mór :)

Ar fhoghlaim tusa aon rud nua agus tú i mbun oibre ar an tsraith seo?

D'fhoghlaim mé go bhfuilim ag dul in aois! Bhí na mbannaí ceoil ar an gclár ag caint faoi leithéidí BLUR agus NIRVANA cosúil le classic rock bands, d'éist mise leo agus mé ar scoil.

Seachas é sin bhí cúpla rud a chur iontas orm. Ar dtús báire, tá bannaí ceoil ag dul ar ais chuig an seanstíl le giotár, drumaí srl.... rud a chur iontas orm. Tá siad ar fad níos fearr ag ceol ná mar a bhí muidne agus muid níos óige. Tá scileanna ceoil acu nach raibh ag bannaí ceoil 10/20 bliain ó shin.

Gan dabht tá siad ar fad níos fearr ag cruthú ábhar ar na meáin shoisialta ach cheap mé go mbeadh imní orthu a bheith i measca an phobail ag scaipeadh an scéal - idir buskáil, flyers a scaipeadh - cé go raibh siad neirbhíseach ar dtús d'éirigh leo.

John Spillane

An bhfuil buaicphointe ann duitse agus tú ag féachaint siar ar An Ghig Mhór?

John Spillane agus The Donnys ag argóint lena chéile i gCill Chainnaigh! Bhí John den tuairim gur gá póstaeir a chrochadh agus bhí The Donnys ag rá go bhfuil níos mó tábhacht ag baint leis na meáin shoisialta. N'fheadar cé atá i gceart go fóill ach d'úsáid siad ar fad an fuinneamh agus teannas sin chun gig iontach a bhaint amach.

Le bheith ionraic bhí gach uile gig mar bhuaicphointe, chuir gach uile ceoltóir a chroí isteach sa rud seo. Bhí fuinneamh faoi leith ag brath agus is iontach an rud é a bheith i láthair ag breathnú ar na ceoltóirí agus slua ag dul craiceailte. Tá mé iontach buíoch go raibh The Donnys, Hannah B, Leevy, The Hex, Na hEasógaí agus Coolboy sásta a scéalta a roinnt linn agus tabhairt faoin dúshlán ar An Ghig Mhór. Gan amhras is iontach an rud é go raibh leithéidí John Spillane, Eve Belle, Rónán Ó Snodaigh, Krea, Tebi Rex agus Síomha a chuid saineolas a roinnt leo ar an gclár. Mar a luadh mé chéana féin níl aon cinnteacht aon le ceol ach más féidir leat óicheanta agus gigeanna speisialta a chruthú mar cheoltóir beidh na cuimhní sin ann go deo na ndeor. Tá mé iontach bródúil as ucht a bheith in ann é sin a chur ar an taifead ar An Ghig Mhór.

Tosaíonn an Ghig Mhór, Dé Luain, 9 Meitheamh, 8.00pm ar RTÉ ONE agus ar an RTÉ Player