Cé hé nó hí Laoch na nGael, an duine beo nó marbh a rinne éacht ar son na Gaeilge nó na Gaeltachta? Sin í an cheist atá á cur ag an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Samhradh seo.
Tá gearrliosta deichniúr fógraithe ag an gClár bunaithe ar mholtaí ó na héisteoirí.
Gach Céadaoin ar feadh 10 seachtainí i rith an tSamhraidh labhróidh abhcóide ar an gclár ar son duine den deichniúr, agus cead vótála ag an bpobal ar líne ar feadh an ama. Ag deireadh an tSamhraidh déanfar an deichniúr a rangú bunaithe ar vótaí na n-éisteoirí agus fógrófar an tá a tháinig sa chéad ait - Laoch na nGael. Is iad an deichniúr atá ar an ngearrliosta ná:
Pádraig Mac Piarais
Pádraig Mac Piarais, 1879-1916. Duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca. Bhunaigh sé Scoil Éanna, chaith seal mar eagarthóir ar an nuachtán an Claidheamh Soluis, bhí rólanna sinsireacha éagsúla aige i gConradh na Gaeilge, agus scríobh sé drámaí, gearrscéalta, litríocht do pháistí, aisti agus altanna.

Dubhghlas de hÍde
Dubhghlas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn) 1860-1949. Scoláire, scríbhneoir, céad uachtarán na hÉireann agus céad uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Caitlín Maude
Caitlín Maude 1941-1982. File, múinteoir, aisteoir, amhránaí ar an sean-nós, gníomhaí Gaeilge agus gníomhaí ar son cearta na mban. Rinne aisteoireacht sa Taibhdhearc agus ag amharclann an Damer. Is é Géibheann an dán is cáiliúla dá cuid agus tá sé ar chúrsa na hArdteiste.

Rónán Mac Aodha Bhuí
Rónán Mac Aodha Bhuí, 1970-2023. Craoltóir a d'oibrigh ar an gClár Teilifíse Scaoil Amach an Bobailín i measc go leor eile ach a bhain barr foirfeachta amach mar láithreoir Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Spreag sé an ceol comhaimseartha i nGaeilge agus bhunaigh an Féile Craiceáilte agus an Cabaret Craiceáilte. Dorn san aer do na Gaeil an mana mór a bhí aige.

Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo chara)
Liam Óg Ó hAnnaidh. 1997- Aithne níos fearr air mar Mo Chara, a ainm stáitse mar bhall den rap ghrúpa Kneecap a thuill clú agus gradam dá gceol agus dá scannán Kneecap (2024). Cúisíodh é i gcoir sceimhlitheoireachta mar gheall ar líomhaint gur chraith se brat de chuid Hezbollah ag ceolchoirm i Londain.

Ciarán Ó Feinneadha
Ciarán Ó Feinneadha. Duine de bhunaitheoir Na Gaeil Óga CLG. Duine de bhunaitheoir An Feachtas Náisiúnta Teilifíse a bhaint TG4 amach. Cuireadh príosún air nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc mar chuid den fheachtas ar son bhunú theilifís na Gaeilge agus dhreap sé túr RTÉ i nDomhnach Broc mar agóid i gcoinne laghad na gclár Gaeilge ar RTÉ.

Peig Sayers
Peig Sayers, 1873-1958. Seanchaí a rugadh i nDún Chaoin ach a chaith formhór a saoil ar an mBlascaod Mór. Cáil uirthi thar aon ní eile mar gheall ar a dírbheatháisnéis Peig (1936) a bhí ar curriculum na hArdteiste ar feadh blianta fada. Cáineadh oiriúnacht an leabhar lena téamaí duairce mar ábhar chun spéis daoine óga a spreagadh sa Ghaeilge, ach tá athshlánú déanta ar a cáil le blianta beaga anuas.

Gearóid Ó Cairealláin
Gearóid Ó Cairealláin. 1957-2024 Craoltóir, iriseoir, scríbhneoir, drámadóir agus gníomhaí teanga. Duine de bunaitheoirí Lá, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Raidió Fáilte, Coláiste Feirste agus an compántas amharclannaíochta Aisling Ghear. Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge 1995 go 1988. Athair le Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap) ball de Kneecap.

Máirtín Ó Cadhain
Máirtín Ó Cadhain. 1906-1970. Scríbhneoir, ball den IRA, ollamh le Gaeilge, aistritheoir. Duine de na scríbhneoirí próis is mó i stair litríocht na Nua-ghaeilge agus údar an t-úrsceal Gaeilge is cáiliúla Cré na Cille. Chaith seal i ngéibheann mar gheall ar a bhallraíocht san IRA.

Seán Ó Riada

Séan Ó Riada, 1931-1971. Cumadóir agus cóiritheoir ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Bunaitheoir Ceoltóirí Chualann, agus Cór Chúil Aodha agus thuill cáil dá cheol scannán do Mise Éire (1959) agus Saoirse (1960). Cáil freisin ar an gceol aifrinn a chum sé.
Is féidir vótáil anseo ag Survey Monkey