skip to main content

Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann-Tuairim ar an Ardteist

Rónán Ó hÍcí
Rónán Ó hÍcí

Is dalta séú bliana é Rónán Ó hÍcí i nGaelcholáiste na Mara, i gContae Chill Mhantáin, atá ag tabhairt faoin Ardteist faoi láthair.

Toghadh é mar Oifigeach na Gaeilge ar choiste gnó na ndaltaí d'Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) i mí Aibreáin, agus beidh sé ag glacadh leis an ról sin an mhí seo chugainn. Roinn Rónán cúpla focal linn faoina thaithí fhéinig agus é i mbun na hArdteiste.

Is é an tslí is éasca chun cur síos a dhéanamh ar mo thaithí leis an Ardteist ná go raibh sé ar nós turais ar thraein Iarnród Éireann. Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann - agus cé nach mbíonn an turas foirfe i gcónaí agus buaileann buille mór thú ó am go chéile, cosúil leis an traein ag briseadh síos, nó le daoine ag cur isteach ort, ar nós an leaid sin ag canadh ar an traein ag leath i ndiaidh a seacht ar maidin Dé Luain - ar deireadh, sroicheann an traein a ceann scríbe.

Mhothaigh mé amhail is go raibh mé ag fanacht ar an traein agus ag ullmhú don turas seo ón uair a thosaigh mé sa gcúigiú bliain. Ar an 4ú Meitheamh ansin, ar deireadh thiar thall, d’fhág an traein an stáisiún, le chuile scrúdú ina stad ar an mbealach. Stad deas a bhí ann ag casadh le Shakespeare don uair dheireanach, ag fágáil slán le Béarla ar dtús. Tógadh muid chomh fada le Gaillimh ar an traein ansin, agus learscáil d’Uachtar Ard i mo lámh don scrúdú tíreolais. Ba iontach an mothúchán é slán a fhágáil le Mata, an chrá chroí ba mhó agam leis an Ardteist. Ansin, slán leis an ábhar ab fhearr liom, an Ghaeilge, le páipéar deas chun deireadh a chur lenár dtréimhse lenár dteanga dúchais ar scoil. Slán le Fraincis, slán le Dev, agus chuile rud sa stair tráth dá raibh.

Ach ar nós aon turais le hIarnród Éireann, bíonn moill éigin ar an slí - agus sin atá i gceist le mo bhriseadh dhá lá dhéag idir gnó agus Polaitíocht agus Sochaí atá agam faoi láthair.

Agus mé ag druidim i dtreo dheireadh m’aistir ar an traein seo, agus ag déanamh machnaimh air, is dócha go bhfuil rud éigin tugtha faoi deara agam. Is iad na mionrudaí na rudaí is tábhachtaí, agus ba chóir dúinn a bheith buíoch astu: ár múinteoirí iontacha, ár dtuismitheoirí tuisceanacha, agus ár gcairde dílis. Ba iad na mionrudaí a chuir leis an eispéireas seo - ón gcaint agus an comhluadar a bhí againn agus muid ag glacadh briseadh ón leabharlann, go dtí na cártaí deasa spreagúla ó ár gclann agus ár gcairde. Sula gcríochnaím é seo, scairtim in ard mo chinn i dtreo Monster agus Red Bull – mo bhreosla traenach fhéinig!

Cé nach mbíonn bóthar gan casadh agus go mbíonn deacrachtaí ar an mbealach, mhúin an turas seo dom go bhfuil fírinne sa seanfhocal "Imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe."

ADIÉ (ISSU)

Bíonn ADIÉ ag troid ar son chearta na ndaltaí iar-bhunscoile, lá i ndiaidh lae, agus is ionadaíocht náisiúnta é an t-aontas do dhaltaí iar-bhunscoile i bPoblacht na hÉireann.