Cnoic ag bualadh spéire, rollanna farraige 'gus na mílte síoraí de thránna áille a bhainfeadh an anáil díot maraon le mhiotaseolaíocht na gCeilteach 'is oidhreacht an tseanchais - is ait an rud é, mar sin, ná fuil an méid sin cluiche lonnaithe in Éirinn!
Má thá spéis agaibhse blaisín de shaol na nGael a dh'fheiscint i gcluichí, seo chuid dóibh siúd lenas:
Assassin's Creed Valhalla: Wrath of the Druids (2021)
Do tháinig an cluiche mhór seo amach i 2020 agus cé ná raibh an cluiche iomlán lonnaithe in Éirinn do bhí an DLC Wrath of the Druids (2021). Sa DLC tánn tú ábalta trus a thabhairt thart cuid den tír agus tú ag iarraidh na draoithe Children of Danu a stopadh. Chífidh tú liosanna, glacfaidh tú páirt i smuglaeireacht agus buaileadh tú le ríthe sa scéal seo.
Clive Barker's Undying (2001)
Leanann an scéal seo eachtránaí paranormálta Patrick Galloway sna 20idí agus é ag aimsiú rúndiamhra in Éirinn. Féadfaidh tú draíocht agus airm a úsáid agus tá béim ar tomhais leis. Rinneadh léirmheas fabhrach air nuair a tháinig sé amach, ach de bharr titim sna díolacháin is cluiche é athá dearmadta don chuid is mó le stádas cultais bunaithe ó siúd a chuimhníonn an FPS uafáis seo.
Folklore (2007)
Is spéisiúil an cluiche é Folklore mar is JRPG é ina bhfuil béim aige i miotaseolaíocht na gCeilteach ach athá lonnaithe ar fáth éicint i nDúlainn, i gContae an Chláir! Ach b'fhéidir gur rún docht é go bhfuil nasc láidir ag an tsráidbhaile chuig an Netherworld! Sa chluiche seo, thá'n rogha ag cluichirí Keats nó Ellen a roghnú mar phríomhcharachtar agus féadfaidh tú a scéalta a imirt agus tú ag iarraidh rúin a nochtú agus neacha a throid.
Broken Sword: The Shadow of The Templars (1996)
Ná bíodh sé le rá nach raibh a fhios agat go labhraíonn na 'hÉireannaigh' sa chluiche seo le tuin ait chainte. Níl an cluiche ar fad in Éirinn – tosnaíonn sé i bPáras - ach téann an príomhcharachtar George Stobbart ann. Lochmarne an t-ainm athá ar an áit fhicseanúil a dtugann sé cuairt ar, agus dar ndóigh thá cuid den bplota i dteach tabhairne!
Dúirt forbróir Broken Sword, Charles Cecil, go raibh Lochmarne é féin bunaithe ar Caisleán Nua Thiar mar b’shin an áit ar rugadh a bhean chéile!
Atlantis II (1999)
Bí id Thaistealaí Ama sa seanchluiche 'point and click' seo ina bhfuil cuid den bplota in Éirinn, leis. Leanann an cluiche seo scéal Ten agus é ag iarraidh Shambala a lorg. Chun é sin a dhéanamh thá gá air taisteal ó áit go háit thar na blianta agus é féin fiú a athrú go duine difriúil na haon am. Mar shampla, agus é in Éirinn, ‘Felim’ an t-ainm athá air agus is manach é. Lán de puzail, guthú, beochan 3D agus fiú ceolfhoirniú, cinnte do bhí dul chun cinn le feiscint sna grafaicí ag an am.
Tomb Raider Chronicles (2000)
San ochtú leibhéal de Tomb Raider Chronicles, téann Lara Croft go hÉirinn. Sa leibhéal seo, thá sách meascán d'uafáis 'gus eachtraíocht le feiscint sa chluichíocht agus tú ag imirt mar Lara ar oileán Black Isle. Dhein na forbróirí iarracht anso Lara a léiriú mar dhéagóir agus mar sin, sa leibhéal seo, thá níos mó béime ar scileanna gan airm seachas aicsean amháin.
Nancy Drew: The Haunting of Castle Malloy (2008)
Seo an 19ú cluiche sa tsraith Nancy Drew. Sa cheann seo, téann Nancy go caisleán darbh ainm Castle Malloy i 'Bailor' (ní fíor áit é) chun freastal ar phósadh. Ach faraor, thán grúm in easnamh agus deirtear go bhfuil Bean Sí thart timpeall leis. Mar sin, mar ba ghnáth, thá ar Nancy an mistéir agus na puzail a réiteach.
Nóta beag mar bhónas: T'ás agam gur luaigh mé If Found cheana héin ach thá gá orm an cluiche iontach seo a luadh aríst mar go bhfuil sé lonnaithe anso in Éirinn agus is é ceann desna cluichí is láidre a léiríonn an tírse go beacht.