skip to main content

Cluichíocht i nGaeilge don droch aimsir

Among Us - bain amach na tascanna agus éalaigh leat!
Among Us - bain amach na tascanna agus éalaigh leat!

Réitigh na snacks, sín na méara is na ngéaga agus ullmhaigh do mheabhair don tsraith nua seo cluichíochta ag RTÉ.ie/Gaeilge le Úna-Minh Kavanagh.

Tugann cluichí físeáin bealach do dhaoine faoiseamh a dh'fháilt, chun a strus a scaoileadh nó chun eachtraí a thosnú. Tugann siad an deis dúinn taiscéalaíocht a dhéanamh ar domhain gan áireamh, troid le taobh (nó i gcoinne) ár gcomhimreoirí nó fiú ar na smaointe is doimhne inár gcroíthe a cheistiú.

Cinnte, thá’s againn go bhfuil go leor leor cluiche físeáin i mBéarla 'gus teangacha eile le fáilt, ach an raibh a fhios agaibh go raibh cinn i nGaelainn leis? Thá go deimhin agus tugann sé ana-áthas dom an liosta seo de chluichí a roinnt libh.

Among Us

Do tháinig an leagan Gaeilge d’Among Us amach i 2021. Do bhíos ar thús cadhnaíochta chun an cluiche a aistriú agus dh’oibrigh mé féin agus m'fhoireann ar an leagan oifigiúil. Is cluiche-ilimreoirí ‘gus tátal é Among Us ina bhfuil na himreoirí ag imirt mar Leathbhádóirí nó mar an bhFealltóir.

Bíonn go leor spraoi sa chluiche ‘gus beagáinín strus, dar ndóigh, agus tú ag iarraidh tascanna a chríochnú nó éalú ón bhFealltóir!

Thá’n leagan Gaeilge le fáil ar Android, PC, Mac, Switch, PlayStation 4 ⁊ 5, Xbox One ⁊ Series X/S.

Pineapple Jelly, carachtair in Among Us, de chuid Innersloth.


Dicey Dungeons

Dhéanadh aistriúchán ar an gcluiche roguelike agus déantóir paca Dicey Dungeons blianta ó shin agus is sárchluiche é. Dh’eisigh an forbróir cluichíochta Terry Cavanagh é i 2019 agus is cruthú deice é le cois gearr-imirt agus thá ana-acmhainn grinn aige.

Thá’n cluiche le fáil ar PC, Mac, Xbox One ⁊ Series X/S, PlayStation 4 ⁊ 5 agus Switch.

Blaiseadh de Dicey Dungeons de chuid Terry Cavanagh.

If Found

Is úrscéal físe é If Found agus is in Éirinn athá an scéal seo suite. Croí théama an chluiche ná ‘teacht amach’ agus thá béim ar muintir LADTA agus a scéalta a roinnt. Go deimhin, bíonn an príomhcharachtar Kasio gafa i gcuaifeach mothúchán agus thá an scéal féin léirithe trí dialann agus íomhanna.

Thá’n leagan Gaeilge le fáil ar PC, Mac agus Switch.

Cluiche comhaimseartha, aibí, í seo de chuid Annapurna Interactive, dírithe ar an éagsúlacht.

Foclach

I rith na pandéime, do bhí go leor dúinn gafa le Wordle, agus nuair a tháinig an leagan Gaeilge don gcluiche amach ba rogha an-éasca é Foclach a imirt!

Bíonn deis ag daoine an freagra a dh’fháilt na haon lá agus faigheann tú 6 iarracht leis an fhocal cheart a thomhas.

Más mian leat níos mó ná cluiche amháin a imirt sa lá, thig leat úsáid a bhaint as an "Mód Cleachtaidh" seachas "Mód Laethúil".

Thá Foclach le fáilt ar line anso.

Foclach - buille faoi thuairim i 5 litir. Bunaithe ar Wordle le Josh Wardle.

Mini Metro

Is cluiche stráitéise agus cluiche ion-samhlúcháin é Mini Metro ina bhfuil na cluichirí ag iarraidh learscáil a chruthú do traein fé thalamh.

Blaiseadh de Mini Metro de chuid Dinosaur Polo Club.

Tosnaíonn an imirt amach go hana-shimplí: níl ort ach cúpla líne a cheangailt idir stáisiúin ach éiríonn an córas níos casta agus tú ag iarraidh stáisiún nua a chruthú.

Thá Mini Metro le fáil ar Steam, Android, iOS, PlayStation 4, agus Switch.

VVVVVV

Cluiche eile ó Terry Cavanagh. Is cluiche ardáin agus tomhais é VVVVVV a tháinig amach i 2010 ach dhéanadh aistriúchán ar i 2023. Difríocht spéisiúil idir ghnáthchluiche ardáin agus VVVVVV ná, ná fuil tú ábalta léimt!

In áit sin, thá máistreacht agat ar an bhfórsa domhan-tarraingthe agus bogann tú suas nó síos ar an scáileán. Thá'n leagan Gaeilge le fáil ar PC amháin.

Ceol den scoth agus spraoi den tsean-scoil ar VVVVV le Terry Kavanagh!

Scrabble3D

Leagan ana-spéisiúil de Scrabble mar sa cheann seo, féadfaidh tú Classic Scrabble, Superscrabble, cluiche 3D agus fiú do chlár féin a chruthú. Is féidir leat imirt i gcoinne an ríomhaire nó nasc a dhéanamh lena bhfreastalaí chun imirt ar line. Thá íoslódáil Scrabble3D le fáilt anso.