Cé go bhfuil an méid sin carachtair éagsúla le feiscint i gcluichí, thá idir mholadh agus cháineadh sna cluichí ina bhfuil carachtair arbh as Éireann iad.
Cinnte thá fadhb mhór le daingniú steiréitíopaí, agus thá sé léirithe aríst agus aríst eile acu nach mbíonn an ceart ar fad acu.
Ach, ar a laghad, thá ag dul i bhfeabhas na laethanta seo agus ní muidne amháin athá sa bhád (ná déanaimis dearúid ar Mario an Iodálach!).
Seo rogha mhaith des na carachtair i gcluichí le ceangailt teaghlaigh le hÉirinn.
Moira (Overwatch)
Is as Bleá Cliath í an géineolaí Moira O'Deorain agus cuireadh fáilte roimpi mar cneasaí sa chluiche i 2017. Mhol leantóirí an carachtar mar aon lena andraigíneacht agus mholadar go mór
ról Moira mar fhealltóir laistigh de scéal an chluiche. Comh maith le sin, thá fiú Gaelainn le clos ina línte agus í ag troid lena foireann.
'Táim anseo duit' arsa Máire an chneasaire.
William (Nioh)
S'é William Adams príomh-phearsa an chluiche, a rugadh in Éirinn. Leanann an plota eachtraí William sa tSeapáin agus é ag lorg a naimhde a ghoid a Sprid Uisce, darb ainm Saoirse. Is duine ana-diongbháilte é agus thá a scéalse bunaithe ar Sasanach a bhfuil an t-ainm céanna air a bhronnadh stádas samurai agus an t-ainm Miura Anjin air sa bhliain 1605.

[Rabhadh: Imreoirí os cionn 18 amháin do Nioh.]
Anna agus Nina Williams (Tekken)
Bheinn failitheach gan na driofúireacha Anna agus Nina a lua! Is feall-mharfóirí iad beirt agus b'Éireannach a n-athair. Do bhí ráfla ann gur acrainm fiú ainm Nina ("No Irish Need Apply"), ach labhraíos le Bandai Namco agus dúradar liom nach bhfuil ann ach ráfla gan bhunús. Faraor, níl blas Éireannach aici nó Anna! Is trodaithe iontacha iad athá i gcónaí in iomaíocht le chéile. Cuireadh an péire in aithne dúinn sa chéad cluiche Tekken i 1994.

[Rabhadh: Imreoirí os cionn 18 amháin do Tekken 8.]
Shay Cormac (Assassin's Creed Rogue)
Thá blas bréag-Éireannach ag Shay Cormac, ach déanaimis neamhaird ar sin. Is príomh-charachtar é Shay in Assassin’s Creed Rogue agus cé ná bhfuil an cluiche ar cheann des na cinn is fearr sa tsraith, thá a charachtar lán de mhisneach agus thá miotal le feiscint ina gníomhartha. Rugadh é i Nua Eabharc agus do bhí saol crua aige ina óige agus mar sin thá go leor comhbhá aige le sibhialtaigh neamhchiontacha.

Sean MacGuire (Red Dead Redemption 2)
Do bhí faitíos an domhan orm roimh Sean, mar do bhí droch charachtair feicithe agam ó Rockstar cheana (Ní gá duit ach 'Irish, Red Dead Redemption' a lorg sall ar YouTube). Ach, ba dheas an t-ábhar iontais agam é buaileadh le Sean. Deirtear gurb as Dún na nGall é (cé go bhfuil blas láidir Bleá Cliath aige) agus cé ná fuil morán taithí troda aige, thá sé dílis go smior agus greannúir leis.
Sean Maguire as Tír Chonaill. Maithfimid an chanúint ortha.
Kasio (If Found...)
Labhraíos cheana féin fé If Found [Cluichíocht i nGaeilge] mar thá leagan Gaeilge den chluiche le fáilt, ach is neamartach an mhaise dom gan an príomhcharachtar Kasio a lua. Leanann an cluiche scéal Kasio agus í ag taisteal ó Bhleá Cliath go hAcaill. Is carachtar casta agus tarraingteach í agus is duine iontaofa í leis. Déanann an cluiche sárjab scéal Kasio a léiriú mar dhuine trasinscneach athá ag iarraidh dul i ngleic lena mothúcháin agus a féin-fhollasaithe.
