skip to main content

An Tiarna Henry Mount Charles tar éis bháis

An Tiarna Henry Mount Charles in 2024
An Tiarna Henry Mount Charles in 2024

Tar éis bháis tá an Tiarna Henry Mount Charles, úinéir aitheanta Chaisleán Bhaile Shláine i gCo na Mí.

Bhí sé 74 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall.

Bhí cáil ar an Tiarna Mount Charles as na ceolchoirmeacha móra a reáchtáil sé i bhfearann an chaisleáin ó lár na n-ochtóidí i leith ar thriall na táinte orthu.

Léithéidí The Rolling Stones, Bob Dylan, Bruce Springsteen, David Bowie, U2, Queen agus tuilleadh nach iad, sheinn siad ar fad ann ag tráthanna éagsúla.

Bob Dylan, Caisleán Bhaile Shláine, 1984

Ball d'Fhine Gael ab ea Henry Mount Charles tráth, agus bhí sé ina iarrthóir toghcháin ag an bpáirtí sin cúpla uair.

I ráiteas, dúirt teaghlach Mount Charles go bhfágann sé le huacht oidhreacht an-luachmhar mar mhaor cultúir agus ceoil in Éirinn.

Maireann a bhean chéile, an Bhantiarna Iona, agus ceathrar clainne, Alexander, Henrietta, Wolfe agus Tamara.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ