skip to main content

Fear básaithe i ndóiteán i gCo Ros Comáin

In eastát tithíochta i nDún Gar a tharla an tubaiste
In eastát tithíochta i nDún Gar a tharla an tubaiste

Bhásaigh fear i ndóiteán a bhí i dteach in eastát tithíochta i nDún Gar i gCo Ros Comáin inné.

Chuaigh an teach le thine ag thart ar 7 a chlog tráthnóna inné agus fuair na seirbhísí dóiteáin corp an fhir ann go gairid ina dhiaidh sin.

Ní fios fós cad ba shiocair leis an tubaiste ach tuairiscítear gur tharla pléasc sa teach díreach sular las an áit.

Tuigtear freisin go ndearnadh damáiste do thithe eile de bharr an dóiteáin.

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar an teach inniu.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp an fhir in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ