Scaoil Iosrael agus an Iaráin diúracáin le chéile arís aréir agus tuairiscítear damáiste mór a bheith déanta do bhonneagar sa dá thír dá mbarr.
Bhí ospidéal in Beersheba i ndeisceart Iosrael ar cheann de na foirgnimh a ndearnadh damáiste dó i ruathar buamála agus gortaíodh thart ar leathchéad duine mar gheall air.
Maíonn na hIaránaigh gur ar dhá bhunáit mhíleata in aice leis an ospidéal a bhí an t-ionsaí dírithe agus go mba é tonn turrainge na pléisce ba chúis leis an damáiste a rinneadh don fhoirgneamh.
Gortaíodh na scórtha eile nuair a bhuail diúracáin ón Iaráin áiteanna in Tel Aviv agus i mbailte eile in Iosrael.
Ar an taobh eile, deir na hIosraelaigh gur scrios siad imoibreoir tromuisce, nach raibh ag feidhmiú, ag ionad núicléach Natanz i lár na hIaráine.
Tá leid tugtha cúpla uair le cúpla lá ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhféadfadh aerfhórsa Mheiriceá dul i gcomhar leis na hIosraelaigh sna ruathair bhuamála atá siad a dhéanamh ar an Iaráin.
Tuairiscítear go bhfuil Trump idir dhá chomhairle fós ach deirtear freisin go mb'fhéidir gur straitéis atá sa dóbartaíl chun iallach a chur ar na hIaránaigh géilleadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ