skip to main content

'Níos lú tithe le tógáil ná mar a tuaradh' – Banc Ceannais

'Easpa oibrithe tógála ag cur isteach ar pholasaí tithíochta an Rialtais'
'Easpa oibrithe tógála ag cur isteach ar pholasaí tithíochta an Rialtais'

Measann Banc Ceannais na hÉireann go dtógfar 32,500 áit chónaithe nua sa Stát i mbliana, ar laghdú de 1,500 é sin ón meastachán deireanach a d'fhoilsigh an banc trí mhí ó shin.

Rud eile de, tuarann an Banc Ceanais gur 37,500 áit chónaithe a thógfar an chéad bhliain eile, ar laghdú de 2,500 é sin ón meastachán deireanach i mí an Mhárta.

Ar a mhuin sin, measann an banc gur 41,500 áit chónaithe a thógfar in 2027, sin 2,500 níos lú ná mar a tuaradh cheana.

Má fhíorófar tairngreacht an bhainc, fágfaidh sé nach mbainfear amach spriocanna tithíochta an Rialtais agus go gcaithfear gúm nua a dhéanamh.

Ganntanas uisce agus nasc leictreachais, chomh maith le heaspa oibrithe tógála, is iad is siocair leis an meastachán diúltach, a deir an banc.

Ina cheann sin, tuarann an Banc Ceannais gur fás de 2% a thiocfas ar an ngeilleagar i mbliana, seachas an 2.6% a tuaradh cheana.

Fás de 2.1% a bheas ann in 2026, dar leis an mbanc, ar laghdú de 0.4% é sin ón meastachán deireanach.

Na taraifí atá na Stáit Aontaithe a ghearradh ar earraí ón Aontas Eorpach is cúis leis an athrú réamhaisnéise, a deirtear.

Os a choinne sin, ceapann an banc go dtiocfaidh fás ar olltáirgeacht intíre i mbliana mar gheall ar an líon mór táirgí cógaisíochta atáthar a easpórtáil chun na Stát Aontaithe faoi láthair sula dtiocfaidh feidhm le taraifí is déine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ