skip to main content

Leithscéal gafa le leanaí a ndearnadh obráidí cromáin orthu

Príomhfheidhmeannach Shláinte Leanaí Éireann, Lucy Nugent, os comhair Choiste um Shláinte an Oireachtais ar maidin inniu
Príomhfheidhmeannach Shláinte Leanaí Éireann, Lucy Nugent, os comhair Choiste um Shláinte an Oireachtais ar maidin inniu

Tháinig feidhmeannaigh agus cliniceoirí sinsearacha ó Shláinte Leanaí Éireann os comhair Choiste um Shláinte an Oireachtais i dTeach Laighean ar maidin inniu le ceisteanna a fhreagairt faoi obráidí a rinneadh ar leanaí a fágadh i bpian dá mbíthin.

De réir athbhreithniú a rinneadh ar na hobráidí, ní raibh gá le formhór na n-obráidí cromáin a rinneadh ar leanaí in dhá ospidéal i mBaile Átha Cliath, mar atá, Ospidéal Shráid Temple agus Ospidéal Cheapaí.

Soilsíodh san athbhreithniú freisin easnaimh i gcúrsaí rialachais agus droch-chleachtais oibre i Sláinte Leanaí Éireann atá freagrach as an dá ospidéal sin.

Níor foilsíodh an t-athbhreithniú fós, áfach.

Príomhfheidhmeannach Shláinte Leanaí Éireann, Lucy Nugent, ghabh sí leithscéal leis na leanaí ar tugadh íospairt dóibh agus lena muintreacha.

Ina ráiteas oscailte ag an éisteacht i dTeach Laighean ar maidin, dhearbhaigh sí go bhfuil teagmháil déanta ag Sláinte Leanaí Éireann le gach teaghlach atá thíos leis agus dúirt go bhfuil eolas tugtha do na teaghlaigh faoin bpróiseas atá bunaithe leis an díobháil a rinneadh dá gclann a leigheas.

Thug Lucy Nugent le fios go bhfuil clinicí speisialta bunaithe le measúnú a dhéanamh ar na leanaí agus tá súil aici, a dúirt sí, go mbeidh gach leanbh atá i dtreis feicthe ag foireann ildisciplíneach faoi cheann sé mhí.

Dúirt sí go raibh 60 leanbh feicthe ag dochtúirí sna clinicí sin go dtí seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ