Fuair na húdaráis lear mór cannabais i Luimneach inné a measann siad luach beagnach €3 mhilliún a bheith ann.
I ráiteas, thug na Coimisinéirí Ioncaim le fios gur 147 cileagram de channabas luibhe a bhí sa lear drugaí a fuarthas in áitreabh i mBéal Átha Síomoin sna Crosa Geala soir ó dheas de chathair Luimnigh.
Oifigigh custaim i gcomhar leis an nGarda Síochána a fuair na drugaí mar chuid d'fhiosrúchán a bhí ar bun acu cheana féin, a dúradh.
Níor gabhadh aon duine fós.
Creideann na húdaráis go raibh an cannabas le seachadadh thar lear agus nach raibh sé le díol in Éirinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ