skip to main content

EuroMillions: úinéir siopa fadbhunaithe i gCorcaigh ag ceiliúradh

Is le muintir Clifford an siopa ar Shráid an tSeandúin le trí ghlúin
Is le muintir Clifford an siopa ar Shráid an tSeandúin le trí ghlúin

Is i siopa Centra le Ted Clifford ar Shráid an tSeandúin i lár chathair Chorcaí a díoladh an ticéad buach i gcrannchur na EuroMillions oíche Dé Máirt seo caite.

Dúirt Ted gur inné a ghlaoigh an Crannchur Náisiúnta air leis an dea-scéal.

€250 milliún a bhí sa phota óir agus tá an duais éilithe ag sealbhóir an ticéid cheana féin.

Dúirt Ted Clifford nach bhfuil a fhios aige cé a bhuaigh an duais ach gheobhaidh sé féin €25,000 as an ticéad a dhíol.

Ní hé an chéad amhantar ag Ted é le deireanas, óir is le ticéad a ceannaíodh ina shiopasan a bhuaigh duine €100,000 Oíche Chinn Bhliana seo caite.

Is le muintir Clifford – Clúmhánaigh – an siopa ar Shráid an tSeandúin le trí ghlúin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ