skip to main content

Teaspach as cuimse geallta, athrú aeráide is cúis leis

Teocht chomh hard le 29 céim inniu
Teocht chomh hard le 29 céim inniu

Meastar go mbeidh an teocht chomh hard le 29 céim in áiteanna in Éirinn inniu.

Deir na meitéareolaithe gur idir 24 céim agus 29 céim a bheas an teocht is airde sa chuid is mó den tír ach nach sáróidh sé 23 céim i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Laighean.

Taifeadadh an teocht is airde go nuige seo i mbliana i gCnoc Uí Dhiolúin i gCo Ros Comáin inné, áit a raibh sé chomh hard le 27 céim ar feadh scaithimh.

Chomh maith leis an teaspach, beidh sé an-mheirbh inniu agus beidh an chorrstoirm thoirní in áiteanna ó dheas.

Meastar go mbeidh an teocht chomh hard le 33 céim in áiteanna i Sasana.

Is cosúil go mbeidh sé idir dhá chéim agus ceithre chéim níos teo an deireadh seachtaine seo thall ná mar a bheadh sé go hiondúil.

Athrú aeráide is cionsiocair leis an mbrothall, dar le saineolaithe aimsire in Imperial College i Londain.

Foilsíodh measúnú inné ina ndúradh go neamhbhalbh go bhfuiltear ag dul ar gcúl ó thaobh athrú aeráide de agus go bhfuil an chruinne ag éirí níos teo mar go bhfuiltear fós ag dó an iomarca guail, ola agus gáis, agus go bhfuiltear fós ag leagan an iomarca crann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ