Tá drochlot fágtha ar bhall foirne a ionsaíodh san Ionad Coinneála do Leanaí i mBaile an Oibricigh i mBaile Átha Cliath le gairid.
Gearradh an t-oibrí sóisialta san éadan ar an 11 Meitheamh, ceann de thrí ionsaí a rinneadh ar an bhfoireann oibre san ionad le dul chun coicíse.
Is cosúil go mbeidh máchail ar an oibrí sóisialta lena shaol mar gheall ar an ngearradh.
Deichniúr ball foirne san iomlán a gortaíodh sna hionsaithe.
Arú inné a tharla an t-ionsaí is déanaí, tráth a gortaíodh naonúr den fhoireann.
B'éigean ceathrar den naonúr a thabhairt chun an ospidéil agus ní bheidh siad ar ais ag obair go ceann míosa ar a laghad.
Deir an ceardchumann Fórsa go bhfuil easpa foirne ar cheann de na mórfhadhbanna atá san ionad coinneála.
Gearradh an t-oibrí sóisialta nuair a bhíothas ag iarraidh duine óg a bhogadh agus maíonn Fórsa nach bhfuil bearta cosanta breise tugtha isteach ag an mbainistíocht in ainneoin gur iarradh iad tar éis ionsaithe a rinneadh cheana.
I ráiteas, dúirt an Roinn Leanaí go gcuirtear tacaíocht iomlán ar fáil do bhaill foirne a ghortaítear agus iad ar dualgas i mBaile an Oibricigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ