skip to main content

Comhráite sa Ghinéiv faoi chlár núicléach na hIaráine

Ionad núicléach Arak i lár na Iaráine tar éis do na hIosraelaigh é a bhuamáil arú aréir
Ionad núicléach Arak i lár na Iaráine tar éis do na hIosraelaigh é a bhuamáil arú aréir

Deir fórsaí míleata Iosrael go ndearna siad tuilleadh ruathar buamála ar áiteanna éagsúla san Iaráin i gcaitheamh na hoíche.

I measc na n-áiteanna a buaileadh, a deir na hIosraelaigh, bhí ionad atá bainteach le clár forbartha núicléiche na hIaráine sa phríomhchathair, Tehran, chomh maith le hionad déantúsaíochta diúracán.

Sin an t-ochtú hoíche as a chéile ag na hIosraelaigh áiteanna san Iaráin a ionsaí agus é mar aidhm acu, a deir siad, bac a chur ar na hIaránaigh airm núicléacha a fhorbairt.

Deir na hIaránaigh nach bhfuil aon airm núicléacha á bhforbairt acu agus gur mar fhoinse fuinnimh amháin atá úráiniam á shaibhriú acu.

Tuairiscítear freisin gur gortaíodh seachtar nuair a bhuail diuracán ón Iaráin cathair Beersheba i ndeisceart Iosrael aréir, an dara hoíche as a chéile a ionsaíodh an chathair sin.

Beidh cruinniu inniu ag Airí Gnóthaí Eachtracha ón Eoraip le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqchi, mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun teacht ar chomhréiteach faoi chlár núicléach na hIaráine agus deireadh a chur leis an gcogaíocht.

Bhí comhráite teileafóin níos túisce an tseachtain seo ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine le fear na hIaráine agus shocraigh an dá thaobh teacht le chéile sa Ghinéiv inniu.

Tuigtear gur cuireadh tuairisc ar fáil do Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio i ndiaidh na gcomhráite teileafóin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ