skip to main content

An Craoslach: cead pleanála stáisiún seirbhísí úr a thógáil diúltaithe

Maraíodh deichniúr i dtubaiste an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022
Maraíodh deichniúr i dtubaiste an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022

Tá cead pleanála stáisiún seirbhísí nua a thógáil sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall diúltaithe ag an gCoimisiún Pleanála.

Maraíodh deichniúr i bpléasc a tharla ag an stáisiún seirbhísí a bhí ar an suíomh céanna ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

I mí Feabhra seo caite, thug Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála don chomhlacht Vivo Shell stáisiún seirbhísí nua a thógáil ó bhonn ar shuíomh na tubaiste ach chuir cuid de theaghlaigh na marbh ina aghaidh.

Bhí sé i gceist ag Vivo Shell fothracha an fhoirgnimh atá ann faoi láthair a leagan, foirgneamh nua a thógáil ina áit agus an suíomh a fhorbairt arís mar ionad gnó, ar nós mar a bhí sé roimh an tubaiste.

Theastaigh ón gcomhlacht siopa, oifig phoist agus sciamhlann a oscailt san fhoirgneamh nua; pumpaí breosla a bhunú sa réamhchúirt; agus gairdín cuimhneacháin a lonnú le hais an tsuímh.

Samhail dá raibh beartaithe ag Vivo Shell

Rinne na teaghlaigh achomharc leis an mBord Pleanála ag an am – ar baisteadh an Coimisiún Pleanála air ó shin – agus fógraíodh toradh an achomhairc sin inniu.

Is ar chúiseanna éagsúla a dhiúltaigh an Coimisiún Pleanála iarratas Vivo Shell, a dúradh.

Tugadh le fios go bhféadfadh a raibh beartaithe cur isteach ar athghiniúint agus athnuachan shráidbhaile an Chraoslaigh i bhfad na haimsire agus dúradh nach mbeadh sé ag teacht lena bhfuil i bPlean Forbartha Chontae Dhún na nGall maidir le leagan amach agus dearadh foirgneamh.

Dúirt an Coimisiún Pleanála freisin nach mbeadh an áit a moladh le haghaidh an ghairdín chuimhneacháin, nach mbeadh sé feiliúnach ó thaobh cúrsaí tráchta agus sábháilteachta de.

Ní sé soiléir fós cad go baileach ba chúis leis an bpléasc in 2022 ach tá sé dearbhaithe ag na Gardaí go bhfuil a gcuid oibre ar shuíomh na tubaiste críochnaithe acu.

Tá sé tugtha le fios ag cuid de theaghlaigh na marbh, ámh, go bhfuil siad thar a bheith míshásta leis an easpa dul chun cinn, dar leo, i bhfiosrúchán na nGardaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ