skip to main content

Triúr saoránach agus a gcleithiúnaigh aslonnaithe ón Iaráin

An Tánaiste ar a bhealach isteach chuig cruinniú an AE ar maidin
An Tánaiste ar a bhealach isteach chuig cruinniú an AE ar maidin

Tá triúr saoránach de chuid na hÉireann agus a gcuid cleithiúnach aslonnaithe ón Iaráin, sna sála ar na cúig shaoránach déag agus a gcuid cleithiúnach siúd a tugadh as Iosrael inné.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go mbeidh na daoine sin ag déanamh a mbealach go hÉirinn anois agus ghaibh buíochas as 'ár gcairde san Eoraip' as an tacaíocht a tugadh d'Éirinn.

Dúirt sé freisin go bhfuil ambasáideanna na hÉireann agus an Roinn ag coinneáil teamháíl rialta le saoránaigh Éireannacha sa réigiún.

Bhí na daoine atá aslonnaithe i measc na 29 nduine a chláraigh leis an ambasáid san Iaráin agus na 200 duine a chláraigh leis an ambasáid in Iosrael.

Beidh Simon Harris ag cruinniú de chuid airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséal inniu. Dúirt sé roimh an gcruinniú inniu gur 'géarú as cuimse contúireach' é beart na Stát Aontaithe thar an deireadh seachtaine, nuair a rinne ionsaí buamála aeir ar na trí mhórionad núicleach san Iaráin.

Dúirt sé gur freagra taidhleoireachta atá ag teastáíl ó chlár núicleach na hIaráine, agus go bhfuil ról ag an Aontas Eorpach anseo agus chun an ghéarchéim a mhaolú go práinneach.

Ní féidir an fócas a bhaint de chás Gaza ach an oiread a dúit Simon Harris, cás atá tubaisteach a dúirt sé, agus d'iarr ar Iosrael an t-imshuí atá ar an bhfóirithint dhaonna chuig Gaza a scor.

Ní mór don AE ceannaireacht a thaispeáint i leith na géarchéime i nGaza, i leith shaorú na ngiall, agus i leith Shocrú an Dá Stáit a fhorbairt.

Beidh na hAirí ag athbhreithniú freisin cuid den chomhaontú idir an AE agus Iosrael.