skip to main content

'Cearrbhach' é Donald Trump a deir an Iaráin

Ionad núicleach Fordow san Iaráin, ceann de na trí sprioc a bhí ag ionsaithe diúracáin na Stát Aontaithe ag an deireadh seachtaine.
Ionad núicleach Fordow san Iaráin, ceann de na trí sprioc a bhí ag ionsaithe diúracáin na Stát Aontaithe ag an deireadh seachtaine.

Thug an Iaráin cearrbhach ar an Uachtarán Trump as 'dul i bpáirt le hIosrael san fheachtas míleata ina n-aghaidh' agus dúirt gur mhéadaigh na hionsaithe sin an líon spriocanna dleathacha a bheadh ag fórsaí na hIaráine.

Ba cheart, a dúírt urlabhraí míleata na hIaráíne, do na Stáit Aontaithe bheith ag súíl le hioc go daor as na hionsaithe ar ionaid núicléacha na tíre.

Más tú a thosaigh an cogadh seo, a dúirt an t-urlabhraí le Donald Trump, is muide a chuirfidh deireadh leis.

Chuaigh ionsaithe diúracáin anonn agus anall idir Iosrael agus an Iaráin thar oíche agus an domhain mhór ag feitheamh le freagra Tehran ar na hionsaithe a thosaigh Dé Sathairn, agus ar mholadh ó Trump go bhféadfadh athrú réimis bheith ann dá bharr.

Thaispeáin íomhánna saitilíte an dochar a rinne ionsaithe buamála Mheiriceá d'ionad núicleach Fordow, a bhfuil cuid mhór de faoin talamh.

Tá an tUachtarán Trump ag maíomh go ndearnadh dochar mór do na hionaid ar fad, ach níl sé soiléir fós go baileach cé mhéad dochair atá déanta, agus tá an Iaráin ag maíomh gur tógadh cuid mhaith den úráinium ar shiúl ó na hionaid ó thosaigh na haerionsaithe Iosraelacha. Níl ceachtar den dá mhaíomh seo deimhnithe go neamhspleách fós.

75 diúracán buamála agus breis agus 20 diúracán Tomahawk a caitheadh leis na trí ionad san Iaráin, dar le údaráis mhíleata Washington.

In ainneoin na n-ionsaithe ar fad, níl aon ardú ar an méid radaíóchta atá á thaifead sna trí limistéir, dar leis an IAEA, foras faire núicleach na Náisiún Aontaithe. Ach dúirt stiúrthóir an IAEA nach féidir an dochar a rinneadh faoi thalamh a mheas go fóill.

Tá an Iaráin ag maíomh le fada nach bhfuil ach spriocanna síochána lena clár núicleach.

Níl aon bheart míleata déanta ag an Iaráín mar athbhuille in aghaidh bhunáiteanna na Stát Aontaithe ar fud an Mheánoirthir. Níl Caolas Hormuz dúnta ach an oiread an an Iaráin, rud a chuirfeadh as do na 20% de lastais ola an domhain a théann tríd an uiscebhealach sin.

Ina ainneoin sin, tá praghasnna mórdhíola an ola níos airde inniu ná ag aon am ó thús mhí Eanáir.