skip to main content

Diúracáin láinseáilte ag an Iaráin ar Chatar agus ar an Iaráic

Cathair Doha i gCatar
Cathair Doha i gCatar

Tá diúracáin láinseáilte ag an Iaráín ar bhunáiteanna míleata de chuid na Stát Aontaithe sa Chatar agus san Iaráic, dar leis na meáin stáit i dTehran agus iad ag tabhairt 'freagra cumhachtach' ar ionsaithe Mheiriceá ar ionaid núicleacha orthu.

Díreach sular chualathas na pléascáín i gCatar, scríobh Uachtarán na hIaráine ar X nach iad a thosaigh ná a lorg an cogadh ach nach bhfágfaí ionsaí ar an Iaráin gan freagra.

Deir Catar go bhfuil sé de cheart ag an tír freagra a thabhairt an Iaráin tar éis na n-ionsaithe ar an mbunáit míleata Al Udeid in Doha.

Tá an Iaráín ag maíomh go raibh an bhunáít i bhfad limistéir urbacha agus conaitheacha sa tír, agus nach raibh aon bhagairt ann do Chatar, 'cara agus comharsa, mar a thug urlabhraí air.

Tuigtear nar maraíodh aon duine sna hionsaithe is deireanaí seo, agus gur rug aer-fhórsaí cosanta Catair ar na diúracáin.

Tá an t-aerspás os cionn Aontas na nEimíreachtaí Arabacha dúnta anois agus tá foláireamh tugtha ag Ambasáíd na hÉireann do dhaoine fanacht istigh más féidir é sin a dhéánamh go sábháilte agus treoracha na n-údarás áítiúla a leanúint.