Lig an lucht féachanna dílis osna faoisimh nuair a chuir Mo stop le Gearóid agus é chun a fear céile a mharú an tseachtain seo caite. Tá an lámh in uachtar ag Gearóid agus mion sonraí faoi dhúnmharú Frances aige. Sí an cheist ná an gcoinneoidh sé an rún agus bailiú leis nó an scaipfidh sé a chuid oilc agus éad?
Ar an lámh eile tá Risteard ag dul thart i Ros na Rún agus is contúirt mhór do thriúir Ghearóid é. An dtógfaidh siad bagairtí Ghearóid I ndáiríre, an bhfuil Risteard chun an baile a iompú bun os cionn nó níos measa arís dochar a dhéanamh ?
Tá Gearóid as a mheabhair le héad ach an bhfuil an cumas aige déanamh de réir a chuid bagairtí trí Risteard ? Tiúináil isteach Déardaoin 12 Meitheamh ag 8:30pm, Ollchlár Dé Domhnaigh ag 7:30pm ar TG4.
The finale of season 29, also sees devious Cora playing a blinder deflecting from her own scam while giving the impression of being accepted by Sonny and playing the loved up couple. What's to become of Cam now that Cora’s dropped the bombshell of his relations with the scheming Penny. It will be more than a "Penny" for her thoughts now as more of her lies unravel leaving much heartbreak not least of all for beautiful Michelle.
Feicfear Cora ghlic sa finale de sraith 29 agus í ag déanamh sár jab ag coinneáil áird amach óna cuid scéiméireacht féin, tá sí den tuairim go bhfuil Sonny tar éis glacadh léi agus iad ag ligeann orthú féin go bhfuil siad go mór i ngrá.
Tá Berni faoi scamall an bhróin. Tá sí ag streachailt i ndiaidh bás Jude. An bhfuil lagmheas aici uirthí féin? Breathnaíonn sé go bhfuil Berni ag troid leis na daoine is dílse di agus a thrustann sí ag deaireadh sraith 29.
Tá fadhbanna airgid John Joe agus Noreen fós ag plé leo, an éireoidh rudaí gránna nó an dtiocfaidh an cúpla scartha ar réiteach nua? Is minic le saol John Joe Daly a bheith casta.
Beidh sé de phléisiúr ag luch fachanna dílis a bheidh ag féachaint ar finale Ros na Rún ar fud na cruinne scéalta agus scannal na tuaithe, an briseadh croí agus an grá agus na bréaga a thagann ar ais chun daoine a chrá ag fheiceáil le críoch a chur le sraith 29. Críoch corraitheach a fhágfaidh lucht traochta ag an teannas agus na sceitimíní a bheith le brath tríd an chlár agus súil mhór acu roimh tús na sraithe nua san fhómhar, ocáid thábhctas agus fíor spesialta – Sraith 30.
Sraith a dhéanfaidh ceiliúradh ar dramaíocht teilifíse idir grá, gáire agus an gnáth shaol i mbaile beag ficseanúil Ros na Rún ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nGaeltacht Chonamara.
Beidh Ros na Rún ar ais i lár mhí Mheán Fómhar agus beidh freagraí le fáil ag an lucht féachanna I rith an 30ú sraith den t-aon sobaldráma atá lonnaithe faoin tuath.
Ros na Rún Déardaoin 12 Meitheamh ag 8:30pm ar TG4.