skip to main content

Croí agus Spraoi: Bród na Gaeltachta 2025

Don cheathrú bliain as a chéile, beidh mórshiúil Bród na Gaeltachta ar siúl i nDún na nGall ar an Aoine, 5 Iúil.

Cé go bhfuil Bród á cheiliúradh in Éirinn le fada an lá, tá an teacht le chéile bliantúil a tharlaíonn i nDún na nGall ar cheann de na chéad ócáidí Gaeltachta atá ar bun leis an bpobal LADTA a cheiliúradh.

I mbliana, sa chuireadh a chur an eagraíocht Bród na Gaeltachta amach, tugtar cuireadh speisialta do na pobail úra atá ag cur futhu sa Ghaeltacht.

"Cuireann muid fáilte mhór roimh na pobail úra atá i ndiaidh teacht chun cónaithe sa cheantar le cúpla bliain anuas – tá sibh anois mar chuid dhílis dar saol anseo sa Ghaeltacht – agus is mór an onóir dúinn bhur gcultúr, bhur gcroíthe agus bhur mbród a cheiliúradh libh. Beidh fáilte roimh gach duine – daoine ó gach cúlra, gach aoisghrúpa, gach mionlach agus gach duine atá ag seasamh ar son comhionannais agus cearta daonna."

Éist anseo le Alice Ní Fhlannagáin ag caint ar an gcéad mhórshiúil a eagraíodh sa bhliain 2021 ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Má tá fonn ort a bheith páirteach nó níos mó a fháil amach faoi Bhród na Gaeltachta, is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag brodnagaeltachta@gmail.com