skip to main content

Cultúr, Cumainn agus Craobhacha: Comórtas Peile na Gaeltachta

32 bliain ó reachtáileadh Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn i 1993, tá sé á reáchtáil ag CLG Chlann na nGael i mbliana. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo. Labhair muid le Paddy Ó Gríofa, craoltóir agus tráchtaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh le cloisteáil ar an aer i gcaitheamh an deireadh seachtaine i gContae na Mí.

Don té nach raibh ag an gComórtas Peile roimhe seo, cén cur síos a bheadh agat air?

Is comórtas bhliaintúil atá I gceist ina dtagann foirne peile fir agus ban Gaeltachtaí na tíre le chéile ar feadh deireadh seachtaine na cincíse, agus cé gur b'iad na comórtais peile croí lár na deireadh seachtaine, cuirtear an bhéim freisin ar imeachtaí cultúrtha agus sóisialta le linn an deireadh seachtaine le comórtas an chailín Ghaelach agus imeachtaí ceoil agus damhsa gaelach, agus ceardlainn do dhaoine óga, agus mar sin baineann gach éinne, fiú siúd nach bhfuil an n-oiread sin suim acu sa pheil, fíor shult as an deireadh seachtaine. Mar aon leis an Oireachtas agus feilte eile, is teacht le chéile mó Gaeltachta atá i gceist!

Tagann foirne le chéile nach bhfeiceann a chéile rómhinic sa chomórtas seo, an gcuireann sin leis an atmaisféar, dár leat?

Cuireann sé go mór leis an atmaisféar, níl aon dabht faoi sin, toisc go gcloistear ainm na gcumainn agus na himreoirí a bhíonn ag imirt ar RTE Radio na Gaeltachta nuair a bhíonn na craobhacha áitiúil á chlúdach níos déanaí sa mbliain, agus tugann an comórtas deis dóibh siúd a bhíonn ag freastal ar an gcomórtas aithne a chuir ar na cumainn agus na himreoirí sin, agus bíonn siad níos ainneolaí agus ag faire amach ar conas atá ag éirí leo nuair atá siad ag leanúint na craobhacha sna contaetha eile Gaeltachta, toisc an eolas atá acu ó bheith I gcomórtas leo aimsir na cincíse.

Cén tábhacht atá le CPNG don cheantar Gaeltachta ina bhfuil sé ann ó bhliain go bliain?

Tá tábhacht agus mórtas ar leith ag baint le reáchtáil an chomórtais do na ceantair Gaeltachta, mar go bhfuil an t-uafás oibre le déanamh ag réiteach don chomórtas, agus ar nós na stáisiúin ag teacht chun na tí fadó, cuireann sé iachall ar na cumainn barr feabhais a chuir ar a gcuid áiseanna, agus cruthaíonn sé meitheal oibre laistigh do na cumainn chun an obair sin ar fad agus mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar an gcomórtas agus ar na háiseanna le blianta anuas, is dúshlán mór é sin do chumainn ar bith. Ach is tar éis an chomórtais a bhíonn an toradh le brath, mar go mbíonn na haiseanna sin fágtha le n-úsáid ag foirne an chumainn agus ag an chéad ghlúin eile, áiseanna nach mbeadh ann rud a léiríonn gur fiú an tairbhe an trioblóid.

Paddy Ó Gríofa

Scil faoi leith é scil an tráchtaire, cén chaoi a ullmhaíonn tú tú féin don chomórtas?

Mar aon le gach ceird cuidíonn taithí agus cleachtadh, mar a chéile leis an tráchtaireacht. Is pribhléid atá ann a bheith ag insint scéal an chluiche dóibh siúd nach bhfuil ar an láthair agus an éisteoir sa bhaile ag brath go hiomlán ar do chuid tráchtaireacht le pictiúir den chluiche a chruthú ina n-intinn.

Cé go bhfuil tú ag déanamh aithris ar an méid atá ag tarlú beo os do chomhair, déanaim roinnt mhaith réamh ullmhúcháin, taighde agus araile sula dtéim ar an aer ar nós dul I dteagmhail le tráchtairí sna contaetha eile a bhfuil aithne acu ar na bhfoirne agus ar na himreoirí nó ar rúnaithe na gcumainn chun eolas a fháil agus cuidíonn sin go mór chun cuir leis an méid atá ag tarlú os do chomhair amach.

Tá foirne ina bhfuil Gaeltachtaí iontu ag déanamh go maith le cúpla bliain anuas, cuir i gcás, Gaillimh, Dún na nGall agus Ciarraí, an bhfeicfidh muid aon imreoir contae ag an gComórtas i mbliana, an gceapann tú?

Ar an droch uair, toisc na foirne Gaeltachta ar fad a bheith ag imirt I gCraobh Shinsir Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo, is beag seans go bhfeicfear na himreoirí idir chontae ar an gcéad lá nó dhó do chomórtas na bliana seo, ach má éiríonn le foirne dul chomh fada leis an gcluiche ceannais ar an Luain, tá mé cinnte go mbeidh glaochanna teileafóin á dhéanamh chuig na bainisteoirí idir chontae trathnóna Dé Domhnaigh chun a fháil amach an mbeadh siad toilteanach cead a thabhairt do na himreoirí imirt sna cluichí ceannais ar an Luan Saoire Bainc!

Beidh Ródaí RnaG ag Páirc Peile Ráth Chairn don deireadh seachtaine, agus beidh tráchtaireacht beo ó na páirceanna ar fad le cloisteáil ó mheitheal spóirt Raidió na Gaeltachta, iad ag clúdach gach cluiche go dtí go mbuailfear an cic dheireanach ar an liathróid sa bhabhta ceannais.

Tosóidh an craoladh beo ar an Satharn 31 Bealtaine, ón 11am agus leanfaidh sé ar feadh an lae go dtí 9pm. Beidh foireann spóirt RnaG ag craoladh beo ó na cluichí i mBaile Átha Buí, i nDún Doire, Ráth Chairn agus i mBaile Ghib.

Comórtas Peile na Gaeltachta

Ar an Domhnach 1 Meitheamh ag 11.30am, beidh Aifreann an Domhnaigh á chraoladh Shéipéal Naomh Padraig, Rath Chairn, Co. na Mí leis an tAthair Pádraig Mac Mathúna. Ansin, ón 12.15 - 9pm, craolfar cluiche ceannais idirmhéanach na mban, mar aon le cluichí leathcheannais sinsir agus sóisir na bhfear. Beidh cluichí leathcheannais sóisir na mban á chraoladh freisin.

Ar an Luan 2 Meitheamh, cuirfear clabhsúr le Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn, le tráchtaireacht bheo ar an ar an gceithre chluiche ceannais ó 9.55am - 6pm, go mbeidh an trófaí bronnta ar bhuaiteoirí Chluiche Ceannais Sinsir na bhFear an tráthnóna sin.

Craolfar dhá chlár speisialta Iris Aniar beo ón ródaí i gcroílár Ráth Cairn chomh maith. Dé hAoine, 30ú Bealtaine ón 9.15 go 10.15am, tabharfar aghaidh ar an deireadh seachtaine agus gach a mbeidh ag tarlú. Ar an Luan 2ú Meitheamh, beidh Iris Aniar i lár an aonaigh, ag labhairt le cuid den dream a bhéas fós ar an mbaile agus iad ag súil leis na cluichí ceannais.

Chomh maith le cluichí ag an gComórtas, beidh tráchtaireacht ar na cluichí sa gCraobh Shinsir Peile le cloisint ar an Sathairn agus ar an Domhnach freisin.

Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2025:

Comórtas Sinsir na bhFear: An Tearmann (Dún na nGall), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), An Ghaeltacht (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh), An Spidéal (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cill Chomáin (Maigh Eo), An Cheathrú Rua (Gaillimh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Náille (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sóisir na mBan: Gráinne Mhaol (Gaillimh), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Bhulf Tón (An Mhí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Naomh Columba (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Bearna (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Clochán Liath (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Ná caill tráchtaireacht, faisnéis, tuairiscí, torthaí agus anailís an deireadh seachtaine seo, beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh pictiúirí, físeáin agus eolas ó Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil ar leathanaigh meáin shóisialta @rternag i gcaitheamh an deireadh seachtaine.