skip to main content

Gradam bronnta ar Bharrscéalta ag Féile na Meán Ceilteach

Michelle Nic Grianna, láithreoir Bharrscéalta.
Michelle Nic Grianna, láithreoir Bharrscéalta.

Aréir ag ócáid bronnta in Newquay i gCorn na Breataine, bhain an clár irise, Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gradam i gcatagóir Entertainment Sound.

Tá Barrscéalta lonnaithe sna Doirí Beaga i nDún na nGall agus is í Michelle Nic Grianna a chuireann an clár i láthair, ghlac Dónall Mac Ruairí an gradam ar son na foirne aréir agus ba é a léirigh an clár ar feadh i bhfad.

Ba an clár Barrscéalta a craoladh ó oileán Árainn Mhór le linn Féile Róise Rua i mí Bealtaine anuraidh, an clár a cuireadh chun tosaigh agus a roghnaigh na moltóirí don ghradam Siamsaíochta ag Féile na Meán Cheilteach.

Éist anseo leis an gclár a ainmníodh anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ba clár iontach spleodrach agus bríomhar an clár áirithe seo, nuair a chas foireann Bharrscéalta le go leor de bhunadh an oileáin agus daoine a bhí ar saoire ar an oileán ag an am.

Dúirt Michelle Nic Grianna, láithreoir Bharrscéalta, gur onóir iontach an Gradam Torc a fháil.

"Tá muid iontach bródúil as an ghradam seo a bronnadh ar Bharrscéalta. Bhí iomaíocht ghéar ann agus muid i measc seacht gcinn de chláracha raidió a bhí san iomaíocht san rannóg áirithe seo. Tá sé iontach tábhachtach dúinne, mar sheirbhís craoltóireachta poiblí, a dhul i measc ár bpobal agus labhairt leis an phobal agus ba sin an rud a rinne muid leis an chlár áirithe seo."

"Is aitheantas an gradam seo do fhoireann an chláir, do Dhónall Mac Ruairí a léirigh an clár agus don fhoireann ar fad i RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga as a gcomhoibriú leanúnach."

Clár irise é Barrscéalta a chuimsíonn scéalta nuachta áitiúla chomh maith le siamsaíocht agus comhrá bríomhar a bhaineann le Dún na nGall, na Sé Chontae agus Cabhán agus Muineachán. Bíonn míreanna rialta ag an gclár faoin dteicneolaíocht, faoi gharradóireacht, faoi chúrsaí spóirt agus dár ndóigh as an mír ghrinn, le Mary Aggie as an bPoll Dóite.

Éist anseo le Mary Aggie ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bronnadh gradam Stáisiún na Bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach sa bhliain 2023.

Craoltar Barrscéalta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.