Craolfar Féasta Ceoil an Spidéil, sraith nua ceolchoirmeacha a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal le plúr na gceoltóirí traidisiúnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Déardaoin 12 Meitheamh ag 7pm.
Sa chéad chlár, beidh ceol den scoth le cloisteáil ó cheantar Chorca Dhuibhne ón bhanna ceoil Cuas – Méabh Ní Bheaglaoich, Niamh Varian-Barry, Nicole Ní Dhubhshláine agus Kyle Macaulay.
Sa dara clár, is é Caoimhín Ó Raghallaigh (fidil, fidil 10 sreang ar a dtugtar 'Hardanger d'Amore’ agus feadóg) agus Mick O'Brien (píb uilleann, feadóg mhór agus feadóg) a bheidh againn.
Craolfar seit spleodrach na nDeirfiúracha Kane, Liz agus Yvonne- sárfhidiléirí a bhfuil ardmheas orthu sa triú clár. Tá na deirfiúracha faoi thionchar mhór ag ceol traidisiúnta Shligigh agus Oirthear na Gaillimhe, agus cloisfear ceol an chumadóra den scoth, Paddy Fahey chomh maith.
Chun críoch a chur leis an tsraith, cloisfear ceol draíochtúil Shéamuis agus Chaoimhe Uí Fhlatharta as Carna, Conamara. Beidh éisteoirí faoi gheasa ag an gcóiriú álainn atá ag na fonnadóirí, ceoltóirí agus damhsóirí seo, agus bealach ar leith acu le stíl amhránaíochta an tsean-nóis a chur i láthair.

This concert series was recorded live in Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. Galway. The first show in the series will have music from Corca Dhuibhne with the musicians – Méabh Ní Bheaglaoich, Niamh Varian-Barry, Nicole Ní Dhubhshláine & Kyle Macaulay.
Féasta Cheoil an Spidéil, Déardaoin 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta